Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-11-04

Nóta Beag

Dhá rud :

1) Amuigh linn, mé fhéin, Colm Ó Fearraigh, Aindriú Ó hUiginn, Eoghan Ó Laighin agus Ciaran Ó Léime an deireadh seachtaine seo caite, agus caithfear a rá, nach bhfuil ciall de leithéid le hoícheanta bréag éadaí. Ach nach greannmhar na radhairc iad?

2) Táim ag freastal an ghiomnáisiam go rialta le tamall anuas, agus tá an áit i bhfad níos deise le cuideachta Mícheal Ó Fríghil. Ar an mhuileann choise ghránna sin, tagann ciall leis an sheanfocal, giorraíonn beirt bóthar!


B'aoibhinn liom a bheith ag an Oireachtas :/ Beidh mé ann i mbliana gan aon agó, i Leitir Ceanainn

2011-10-10

Solas an Dúchais


An tsiombail is áille de cheantar na Fánaide, agus an t-ábhar ar a bheidh mé ag scríobh mo chéad alt scríobhneoireachta ariamh sa chéad eagrán eile de Guth Ghoill, irisleabhar de chuid Chéim Aniar. Anois tá taighde le deánamh agam ar an fhoirgneamh stairiúil. Nuair a chríochnóidh mé an t-alt is agaibhse a bheas an chéad léamh a léitheoirí :)

2011-10-07

Steve Bartman : Namhaid na gCoileán

14ú Meán Fómhair, 2003 - Bhí na Coileáin Chicago 2 chluiche chun cinn ar na Florida Braves, agus cha raibh constaic ar bith rompu sa chluiche, an cluiche a chuirfeadh ar a mbealach chuig an World Series i ndaoradhpheil (char iarraidh liom focal Gaeilge a aimsiú ar baseball) iad, nuair a tharla an t-eachtra is mí-ámharaí ariamh in Wrigley Field, páirc imeartha na gCoileán. Bhí deis ag imreoir de chuid na gCoileán fear na Braves a chur den pháirc ach tháinig fear san ardán, Steve Bartman, tháinig an fear sin idir an Coileánach agus an liathróid. Chaill na Coileáin an cluiche, agus chaill siad an cluiche cinniúnach an lá dar gcionn chomh maith. Ar an drochuair, cuireadh an locht go huile is go hiomlán ar Steve bocht. Cinnte bhí beith éigin air, ruaigeadh den pháirc é, agus tháinig cochall ar an lucht leanúna thart air. Cha raibh Steve Bartman in ann cur faoi sa chathair, agus char fhill sé ar an pháirc ó shin. Cuirtear i gclár tearmann finné é fá dheireadh. Rinneadh scannán doiciméadach ar an eachtra, ar a dtugtar Catching Hell. Molaim go mór daoibh an scannán a fheiceáil, taispeánann sé cé chomh furasta is a éiríonn meon an ghráscair i measc sluaite spóirt. Deirtear gur tharla an t-eachta seo mar gheall ar  'Mhallacht an Phoic-Ghabhair', ach is scéal eile é sin . . .

2011-09-30

Jóc beag ar thurasóir bhocht

D'fhill m'athair ón bheár i bPort an tSalainn agus scéal greannmhar leis ar an Satharn. Níos luaithe sa lá cha raibh sa bheár ach dhá sheanfhear, chomh maith le clann ón Thuaisceart. D'fhág an clann ach ar an drochuair d'fhág fear an teaghlaigh €20 ina dhiaidh. Nach bhfaca fir an bheáir seo agus bhailigh siad an €20 agus cheannaigh pionta an duine díobh fhéin.

I ndiaidh tamaill d'fhill an fear ar leis an €20 agus d'iarr ar na seanfhir an bhfaca siad á airgead. Dúradh leis cur síos a dheánamh air, agus dúirt sé 'Its a normal €20'. D'fhéach fear amháin air agus arsa sé 'Did it have a hole in it?' D'fhreagair an turasóir nach raibh, agus labhair an fear eile go sleamhain ina dhiaidh, 'Well it does now!'

2011-09-19

Cúrsaí Gramadaí

Tá mo ghramadach ag cur imní orm arís na laethanta seo. Sílim go bhfuil sí ag dul i dtreo an olcais. Rinne mé leabhar mo sheanléachtóra, Nollaig Mac Congail, Leabhar Gramadaí Gaeilge, a cheannach ar-líne an seachtain seo a chuaigh thart. Tá súil agam go mbeadh seo mar chuidiú agam

2011-09-12

Taithí Oibre

Nóta beag chun insint daoibh go bhfuilim fós ar an bhfód! Thosaigh mé ar mo chuid taithí oibre le Céim Aniar, Ros Goill ar maidin. Tá trácht i bhfad níos faide ag dul suas i ngan mhoill.

Agus ceann eile ar mo saoire sna Stáit Aontaithe! Am ar ndóigh :)

Roimh i bhfad, a léitheoirí!

2011-07-01

An Craobhchluiche

Ní féidir linne é a míniú mar is gceart. Is rud é atá rugadh ionainn, mar Éireannaigh, is dócha. Mar a dúirt mé cheana, chaith mé tamall le scolairí ó tíorthaí eile an bhliain acadúla seo a chuaigh thart, agus d'iarr girseach amháin orm míniú a thabhirt di i dtaobh spórt na nÉireannach, go háirithe 'this championship thingy?'  Ní raibh mé in ann sainmhíniú a thabhairt di fá dtaobh di. Ach, in am an ghátair, a léitheoirí, déanann tú rudaí a chur i gcomparáíd, agus sin díreach a rinne mé. 'Tá an chraobh cosúil leis an Superbowl, arsa mise, ach tá sí i bhfad níos áitiúla, agus ní féidir l'éinne lasmuigh den cheantar imirt ar an fhoireann (rud nach bhfuil go hiomlán fíreannach!). Ach níl fáinne ar fáil fá choinne na mbuaiteoirí', a lean mé, 'ach cupa mór, cupa a hólann siad as go fochra an lae.' Níor leag mé mo mhéar ar an mhíniú cheart beag ná mór ach is deacair an rud í a mhíniú! Cibé, tá cluiche mór agam an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá Gaeil Fhánada s'agam ag imirt Aodh Ruadh sa Chraobh idirmhéanach i bPáirc Miah Shiels i bPort an tSalainn. Chaill muid ár gcéad clúichí ( an fhoireann sinsir agus sóisir) agus tá orainn na clúichí a bhaint chun aon seans a bheidh againn lean ar aghaidh sa chomórtas. Déarfaidh mé mo phaidreacha amárach!

2011-06-16

Bliain caite, samhradh feasta?

Bhuel a chairde,
Is fada anois ó scríobh mé anseo! Níl aon fórsa sa saol níos láidre ná an falsacht a léitheoirí! Cibé, táim críochnaithe le hOllscoil na Gaillimhe ar feadh an dara bhliain as a chéile, agus, ma héiríonn liom sna scrudaithe (agus beidh na torthaí ar fáil domh gan mhoill) beidh mé ag déanamh taithí oibre anseo i dTír Chonaill i mbliana. Níl aon rud cinntithe go fóill, ach tá súil liom cuir fúm i gCéim Aniar ar feadh seala agus sa Chomhairle Contae. Nílim i bhFanáid ach cúpla seachtain agus cheana féin caillim cathair na Gaillimhe, go háirithe an comhluadar agus an deoch dhiabhalta! Ach c'est la vie, táim breá sásta sa bhaile chomh maith ach amháin nach bhfuil post agam go fóill, ach táim sa tóir ar slí beatha in teacht a léitheoirí!

Bhuel, sin deireadh mo chéad phostáil le tamall, ach táim ag súil le blagáil i bhfad níos rialtaí na laethanta seo, so chífidh mé roimh i bhfad sibh!

2011-05-11

Sa tóir ar Óir agus Cóisir na Bliana!

Ó seo amach shocraigh mé ar mo chuid bhlaganna a roinnt i dhá chuid :
1) Gíota fá ábhar ar leith
2) Cineál 'dialann' de shórt


Faoi láthair táim ag léamh leabhar Micí Mac Gabhann (wikipedia Micí Mac Gabhann) darbh ainm 'Rotha Mór an tSaoil'. Is iontach amach is amach an cuntas é ar shaol an imircigh thart fá dheireadh an 19ú haois. Meallann an leabhar suim an léitheora idir léitheoirí na gaeilge agus léitheoirí na staire. Is turas é a rinneadh na sluaite ó cheann ceann na tíre, sa tóir ar shaibhris agus tuarastail dá dteaghlaigh sa bhaile. An rud is deise, dar liomsa, a bhaineann leis an leabhar seo ná  an saibhreas teanga atá ann. Tá na mílte nathanna cainte ann nach bhfaca mé go dtí seo. Tá nath amháin a thaitníonn go mór mór liom ; 'char fhás féar ar bith faoi mo chosa gur bhain mé (áit) amach'. Cinnte beidh sé sin in aiste inteacht liom i mbliana!


Tá bliain eile caite anois agam i nGaillimh fá choinne mo chúrsa, Léann an Aistriúcháin & an Ghaeilge. I mbliana beidh mé ( le cuidiú Dé) ag déanamh taithí oibre i dTír Chonaill. Níl faic socraithe go fóill ach ag an am seo tá seans go mbeadh mé ag obair le grúpa beag i Ros Guill darbh ainm Céim Aniar, táim ag tnúth leis an obair seo go mór agus tá súil agam go mbeadh mé in ann í a fháil!

Nóta níos brónaí anois, ha, ach i ndáiríre, beidh mé uaigneach i mbliana toisc go bhfuil an-mhéid cairde déanta agam i nGaillimh, idir Gaeilgeoirí, Béarlóirí agus fiú muintir an Mhéiricéa! Ach nílim ar Feda ar ais 'na bhaile go fóill! Tá cóisir ar siúl teach Conchúr Ó Grubb amárach, agus tá DJ Ó hUiginn ag déanamh an cheoil. Tá súil agam go bhfuair sibh bhur gcuirí  (FB cuireadh)! Chífidh mé ansin sibh ;)

2011-04-14

Lipservice - Scannán Gaeilge

Hmm, nach hiontach an seó Lipservice! (dala an scéil, níl a fhios agam an bhfuil mé ag briseadh cóipchirt ar bith anseo, gabh mo leisciúil) Léargas iontach ar stádas na teanga sa mheánscoil, seoduit dearcadh an stúirthóra ar an scánnan cheanna (Paul Mercier). Is aoibhinn liom an réalachas atá le fáil, is cosúil go bhfuil léargas mímhisnithe ann ach fós féin déanann sé cur síos thar na bearta ar an bhéaltriail faoi láthair, go háirithe i gceantair Galltachtaí. Is fuath liom na béaltrialacha a bhíonn agam agus a bhí agam sa chaite. Ní sílim gur maith an rud é scolairí a bheidh ag foghlaim abairtí agus nathanna cainte de ghlanmheabhair seachas comhrá nádúrtha a dhéanamh ar feadh tamaill. Ach tá a fhios agam gur athraíodh an cúrsa ó bhí mise i gColáiste Ailigh, Leitir Ceanainn. An bhfuil éinne agaibh, a léitheoirí, in ann inis domh cad iad na hathraithe sin??

2011-04-02

Sa tóir ar m'athair mór

Á! Táim beagnach leathbhealach ar bhóthar láncháilithe an aistritheora a léitheoirí. Nach iontach an smaoineamh é sin? Níl a fhios agam céard a dhéanfas mé amach anseo ar chor ar bith, go dtí seo bhí mé breáshásta lean ar aghaidh le meon na páistiúlachta, anois táim ag gearradh an chosáin fóstaíochta agus táim fós imníoch faoi litriú agus struchtúr abairtí agus rudaí eile amaideacha agus níl a fhios agam cén dóigh leis mo smaointe a chur ar an phár mar is gceart. Cibé, nuacht níos dearfaí, d'iarraidh liom mo theaghlach a aimsiú ar an daonáireamh Mac Fhionnghaile, is suíomh fíorshuimiúil é an suíomh chéanna, leargás beag ar an saol fadó, Molaim go mór daoibh, a léitheoirí, leas a bhaint den uirlis stairiúil seo, Dul sa tóir ar do chlannsa! :)

2011-03-22

Cluichí Rugbaí agus Tragóid na Seapáine


Bhí an lámh in uachtar againn thar lucht na nGall sa rugbaí arís cúpla lá ó shin. Nach iontach an radharc  é! Nuair atá Éire ag imirt in aon chluiche ar chor ar bith, idir peil, rugbaí, fiú amháin sa chruicéad (!) tá an cuma ar an scéal go mbíonn achan duine ag féachaint orthu (Figiúirí RTÉ) mar spreagann ár laochra misneach agus bród ionainn, agus tá siad sin de dhith go práinneach na laethanta seo gan amhras! Ach, fiú sa aeráid ghruama seo, is fearr an tsláinte ná na táinte. Athróidh dán na tíre agus tiocfaidh feabhas ar chúrsaí gheilleagair roimh i bhfad, agus giorann cluichí cosúil leis an chluiche seo an bhóthair!

Focal beag ar thragóid na Seapáine : Áilim suaimhneas síoraí ar anamacha na ndaoine a chaill a saolta sa tubaiste nádúrtha a dheachaigh tír na Seapáine, tá súil agam go dtiocfaidh an tír slán roimh i bhfad. Cuireann anachana mar seo peirspictíocht ar fáil dúinn ar fad . . .

2011-02-24

MÁIRT THÍR CHONAILL - DONEGAL TUESDAY!

Seo chugaibh cúpla grianghraf a ghlac mé inné Donegal Tuesday in Hole in the Wall i nGaillimh. Tarlaíonn an lá / oíche seo uair amháin in aghaidh na bliana agus tá sé ar chinn de na laethanta is fearr atá ar fáil. Chuaigh muid mar ghrúpa amháin síos chuig an bheár ar maidin agus d'fhán muid ann i measc ár ndaoine féin, muintir na gConallach, ar feadh an lae. Tá muid uilig an-fhada ón bhaile anseo agus mar sin tá sé de cheart againn lá mar seo a chaitheamh ag buaileadh agus ag canadh le chéile!

 Rinne mé iarracht a bhí ann a ainmniú anseo ach muna ainmnítear thú táim  brónach! (Cuimhnígí go raibh mé ann ó 11 sa mhaidin!) 
Aindriú Ó hUiginn, Conchúr Ó Grubb, Colm Ó Fearraigh, Cahir Wilhare, Paul Coyle, Joesph Convey, Eoghan Ó Laighin, Maitiú Mac an Fhile, Ciaran Ó Léime, Thomas McConigley, Erin Coll, Leona Dorrian, Clíona Flood, Jamie Kennedy, Pauric McFadden, Mike Donovan, Mícheal Ó Fríl, Mícheal Ó Gailín, Tara McGroarty, Karen McElwaine, Marie McElwaine, Brian agus Seamus Coyle, Gary McGonagle, Paul Martin, Mairead Coyle, Shaun McGovern, Shaun Callaghan, Christopher Bryson, Tommy McCusker, Shannon Michele O'Neill, Shaun Cyrkin, Jack Patton, James McHugh, Seán Ó Fríl, Seamus Ó Fríl, Mairead O'Donnell, Adam Sweeney, Jamie McGettigan, Aoife Conway . . .

Táim ag déanamh go mbeadh mé ag cur leis an liosta seo! 



Tá físeán agam fósta, ina bhfuil Conchúr ag gabháil fhoinn. Táim brónach as ucht na lirice gránna, áfach :P Bainígí sult as! :)


2011-02-16

An Ghaeilge mar ábhar roghnach as seo amach

Beannachtaí chugaibh!

Mar is eol d'achan duine anois, de bharr na meán cumarsáide ar fad, theastaíonn ó lucht na Léinte Gorma ábhar roghnach a dheánamh den Ghaeilge .Tá an chuma ar an scéal go mbeadh Enda agus a chomhluadar mar cheannairí na tíre tar éis an toghcháin seo romhainn. Má theastaíonn libh bhur vóta a chaitheamh in éadan an ionsaithe ghránna seo, impím uaibh dul chuig an suíomh idirlín seo (Vóta) agus lean na treoracha luaite. Go pearsanta, sílim má bhfaigheann siad cead a gcinn, agus má scriosadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach, go mbeadh céim chinniúnach chun cúl glactha againne, céim mhór a dheánfaidh dochar anchúinseach sa todhchaí  amach anseo. Tá na pointí is fearr, dar liomsa, luaite ag léachtóir s'agam, Gearóid Denvir. 
  1. Croí-ábhar d’aon Éireannach í an Ghaeilge – ar chúiseanna oideachais, cultúrtha, oidhreachta srl
  2. Baineann sí lenár sainiúlacht, ár bhféiniúlacht féin
  3. Ba cheart do gach aon scoláire í a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste – an Ghaeilge le béim ar an teanga bheo chumarsáide mar atá sa siollabas nua
  4. Ba cheart go mbeadh ábhar eile ann san Ardteist freisin – “Saíocht agus Cultúr na Gaeilge” – do dhaoine ardchumasacha le suim ar leith sa Ghaeilge – mar atá Matamataic Fheidhmeach sa bhreis ar Mhatamataic faoi láthair
  5. Tá taithí againn ó Shasana (agus ó thíortha eile) go n-éiríonn daoine óga as staidéar ar theangacha má bhíonn na teangacha sin roghnach – agus bíonn scoláirí 15 bliana ró-óg le rogha cheart thuisceanach a dhéanamh
  6. Chuir rialtas a raibh Fine Gael páirteach ann deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státsheirbhís i 1974. Cén toradh a bhí air sin? Níl ach 1% den státsheirbhís in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge anois do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
  7. Dhéanfadh an cinneadh sin dochar ollmhór d’eacnamaíocht na Gaeltachta.
Ar an drochuair, nílim in ann díospóireacht na gceannairí atá ar siúl ar TG4 anocht(16ú) a fheiceáil  ach táím ag ceapadh go mbeadh Enda Kenny faoi bhrú i dtaobh an pholasaí choinspóidigh seo! Cad é bhur mbarúil ar an ábhar?


2011-02-09

An fiú teanga gan traidisiún?



Mar a hinsíonn tideal an tsleachta seo daoibh, táim ag iarraidh bhur smaointe a fhoghlaim maidir leis an cheist, an fiú teanga gan traidisiún?  Rugadh is tógadh mé i mbreac-Ghaeltacht i dtuaisceart Dhún na nGall, áit ar a dtugtar Fanáid (http://ga.wikipedia.org/wiki/F%C3%A1naid – táim buartha as ucht an chaighdeáin dhona atá sa ghiota seo!) Tá daoine ann, is sampla maith í mo mháthair, a rugadh is a thógadh nuair a bhí cúrsaí i bhfad níos sláintiúla i dtaobh na Gaeilge de. De bharr seo, táim ag déanamh, tá saibhreas agus cruinneas aici nach mbeadh go deo agamsa. Cuireann seo isteach go mór ormsa. Tuigim gur fear óg mé ach mar sin féin, níl na deiseanna chéanna agamsa a bhí aici is í ag fás aníos. De bharr easpa cainteoirí áitiúla, tá orainne, daoine óga an cheantair, ár stór Gaeilge a tharraing ó leabhair seanaimseartha na gConallach. Anuas ar seo, dá smaoineofá níos doimhne ar an scéal, dá thógfainn clainne, cad iad na deiseanna a bheas acu?

Colm

2011-02-03

Stádas Teangacha an Domhain

Bhí léacht an-shuimiúil agam ar maidin, a bhain le cúrsaí teangacha. Dúirt mo dhuine linne, dé réir na staitisticí, nach mbeadh ach 10% de na teangacha atá in úsáid faoi láthair ann sa chéad seo romhainn. Nach iontach an staitistic í sin? Dar leis tá ár dteanga féin fós i mbarr na sláinte sa chomhthéacs sin, agus tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige.

BEIRT FEAR NUA AR WEARSIDE!




Cheannaigh SAFC cúpla fir nua sa mhargadh is deanaí a raibh ann i rith an Eanáir agus tá sceitimíní orm faoin fear seo, Stéphane Sessegnon. Sílim go bhfuil seans iontach againn áit Eorpach a bhaint amach i mbliana agus, anuas ar sin, dá chríochnódh siad  os cionn foireann an Learphoill, bheadh ar Eoghan Ó Laighin €10 a thabhairt domh.Go n-éirí libh, cait dubha!

2011-01-31

Boladh Déistineach na Polaitíochta

D'éirigh polaiteoir áitiúla linne, Néil Ó Bléine, as le deanaí. Níl sé ach fear óg go fóill, agus is dócha go mbeadh sé ar ais sa chluiche mhór pholaitiúil sa dán. Caithfear an cheist a chur libh, an bhfuil maitheas ar bith iontu faoi láthair? Scriosadh ár dtír ach mar sin féin gnóthaíonn na bodaigh móra na €'s gan náire. Ach tá orainn iad a thoghadh, toghchán in aghaidh an toghcháin. Nach iontach an tír í?
Oileán na Naomh agus na nOllamh? B'fhéidir go mbeadh Oileán na nOlc agus na nAmadán níos oiriúnaí!

Colm

2011-01-27

Mo chéad phostáil

Bhuel, táim ag scríobh mo chéad bhlag anseo, agus is dócha gur cheart domh giota a insint daoibh ar a bhfuil i  gceist agam leis an bhlag chéanna. Dia daoibh, Colm Mac Fhionnghaile is ainm domh, táim scór bhliain d'aois agus táim ag déanamh staidir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an Ghaeilge agus ar Léann an Aistriúcháin. Is í seo an chéad píosa scríbhneoireachta riamh liom, agus mar sin de táim cinnte nach mbeidh sibh ró-chrua orm i dtaobh na gramadaí. Teastaíonn uaim blag measartha rialta a phostáil, ar a dhéanfaidh mé cur síos ginearálta ar mo shaolsa agus ar saol na scolairí eile thart orm. Anuas ar seo tá súil agam mo thuirimse phearsanta ar topaicí mhóra na cathrach, na tíre, agus mo cheantar dúchais féin, Fánaid, áit iargúlta i dtuisceart Dún na nGall, a roinnt libh :)

Slán go fóill

Colm