Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-02-24

MÁIRT THÍR CHONAILL - DONEGAL TUESDAY!

Seo chugaibh cúpla grianghraf a ghlac mé inné Donegal Tuesday in Hole in the Wall i nGaillimh. Tarlaíonn an lá / oíche seo uair amháin in aghaidh na bliana agus tá sé ar chinn de na laethanta is fearr atá ar fáil. Chuaigh muid mar ghrúpa amháin síos chuig an bheár ar maidin agus d'fhán muid ann i measc ár ndaoine féin, muintir na gConallach, ar feadh an lae. Tá muid uilig an-fhada ón bhaile anseo agus mar sin tá sé de cheart againn lá mar seo a chaitheamh ag buaileadh agus ag canadh le chéile!

 Rinne mé iarracht a bhí ann a ainmniú anseo ach muna ainmnítear thú táim  brónach! (Cuimhnígí go raibh mé ann ó 11 sa mhaidin!) 
Aindriú Ó hUiginn, Conchúr Ó Grubb, Colm Ó Fearraigh, Cahir Wilhare, Paul Coyle, Joesph Convey, Eoghan Ó Laighin, Maitiú Mac an Fhile, Ciaran Ó Léime, Thomas McConigley, Erin Coll, Leona Dorrian, Clíona Flood, Jamie Kennedy, Pauric McFadden, Mike Donovan, Mícheal Ó Fríl, Mícheal Ó Gailín, Tara McGroarty, Karen McElwaine, Marie McElwaine, Brian agus Seamus Coyle, Gary McGonagle, Paul Martin, Mairead Coyle, Shaun McGovern, Shaun Callaghan, Christopher Bryson, Tommy McCusker, Shannon Michele O'Neill, Shaun Cyrkin, Jack Patton, James McHugh, Seán Ó Fríl, Seamus Ó Fríl, Mairead O'Donnell, Adam Sweeney, Jamie McGettigan, Aoife Conway . . .

Táim ag déanamh go mbeadh mé ag cur leis an liosta seo! 



Tá físeán agam fósta, ina bhfuil Conchúr ag gabháil fhoinn. Táim brónach as ucht na lirice gránna, áfach :P Bainígí sult as! :)


2011-02-16

An Ghaeilge mar ábhar roghnach as seo amach

Beannachtaí chugaibh!

Mar is eol d'achan duine anois, de bharr na meán cumarsáide ar fad, theastaíonn ó lucht na Léinte Gorma ábhar roghnach a dheánamh den Ghaeilge .Tá an chuma ar an scéal go mbeadh Enda agus a chomhluadar mar cheannairí na tíre tar éis an toghcháin seo romhainn. Má theastaíonn libh bhur vóta a chaitheamh in éadan an ionsaithe ghránna seo, impím uaibh dul chuig an suíomh idirlín seo (Vóta) agus lean na treoracha luaite. Go pearsanta, sílim má bhfaigheann siad cead a gcinn, agus má scriosadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach, go mbeadh céim chinniúnach chun cúl glactha againne, céim mhór a dheánfaidh dochar anchúinseach sa todhchaí  amach anseo. Tá na pointí is fearr, dar liomsa, luaite ag léachtóir s'agam, Gearóid Denvir. 
  1. Croí-ábhar d’aon Éireannach í an Ghaeilge – ar chúiseanna oideachais, cultúrtha, oidhreachta srl
  2. Baineann sí lenár sainiúlacht, ár bhféiniúlacht féin
  3. Ba cheart do gach aon scoláire í a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste – an Ghaeilge le béim ar an teanga bheo chumarsáide mar atá sa siollabas nua
  4. Ba cheart go mbeadh ábhar eile ann san Ardteist freisin – “Saíocht agus Cultúr na Gaeilge” – do dhaoine ardchumasacha le suim ar leith sa Ghaeilge – mar atá Matamataic Fheidhmeach sa bhreis ar Mhatamataic faoi láthair
  5. Tá taithí againn ó Shasana (agus ó thíortha eile) go n-éiríonn daoine óga as staidéar ar theangacha má bhíonn na teangacha sin roghnach – agus bíonn scoláirí 15 bliana ró-óg le rogha cheart thuisceanach a dhéanamh
  6. Chuir rialtas a raibh Fine Gael páirteach ann deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státsheirbhís i 1974. Cén toradh a bhí air sin? Níl ach 1% den státsheirbhís in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge anois do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
  7. Dhéanfadh an cinneadh sin dochar ollmhór d’eacnamaíocht na Gaeltachta.
Ar an drochuair, nílim in ann díospóireacht na gceannairí atá ar siúl ar TG4 anocht(16ú) a fheiceáil  ach táím ag ceapadh go mbeadh Enda Kenny faoi bhrú i dtaobh an pholasaí choinspóidigh seo! Cad é bhur mbarúil ar an ábhar?


2011-02-09

An fiú teanga gan traidisiún?



Mar a hinsíonn tideal an tsleachta seo daoibh, táim ag iarraidh bhur smaointe a fhoghlaim maidir leis an cheist, an fiú teanga gan traidisiún?  Rugadh is tógadh mé i mbreac-Ghaeltacht i dtuaisceart Dhún na nGall, áit ar a dtugtar Fanáid (http://ga.wikipedia.org/wiki/F%C3%A1naid – táim buartha as ucht an chaighdeáin dhona atá sa ghiota seo!) Tá daoine ann, is sampla maith í mo mháthair, a rugadh is a thógadh nuair a bhí cúrsaí i bhfad níos sláintiúla i dtaobh na Gaeilge de. De bharr seo, táim ag déanamh, tá saibhreas agus cruinneas aici nach mbeadh go deo agamsa. Cuireann seo isteach go mór ormsa. Tuigim gur fear óg mé ach mar sin féin, níl na deiseanna chéanna agamsa a bhí aici is í ag fás aníos. De bharr easpa cainteoirí áitiúla, tá orainne, daoine óga an cheantair, ár stór Gaeilge a tharraing ó leabhair seanaimseartha na gConallach. Anuas ar seo, dá smaoineofá níos doimhne ar an scéal, dá thógfainn clainne, cad iad na deiseanna a bheas acu?

Colm

2011-02-03

Stádas Teangacha an Domhain

Bhí léacht an-shuimiúil agam ar maidin, a bhain le cúrsaí teangacha. Dúirt mo dhuine linne, dé réir na staitisticí, nach mbeadh ach 10% de na teangacha atá in úsáid faoi láthair ann sa chéad seo romhainn. Nach iontach an staitistic í sin? Dar leis tá ár dteanga féin fós i mbarr na sláinte sa chomhthéacs sin, agus tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige.

BEIRT FEAR NUA AR WEARSIDE!




Cheannaigh SAFC cúpla fir nua sa mhargadh is deanaí a raibh ann i rith an Eanáir agus tá sceitimíní orm faoin fear seo, Stéphane Sessegnon. Sílim go bhfuil seans iontach againn áit Eorpach a bhaint amach i mbliana agus, anuas ar sin, dá chríochnódh siad  os cionn foireann an Learphoill, bheadh ar Eoghan Ó Laighin €10 a thabhairt domh.Go n-éirí libh, cait dubha!