Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-05-11

Sa tóir ar Óir agus Cóisir na Bliana!

Ó seo amach shocraigh mé ar mo chuid bhlaganna a roinnt i dhá chuid :
1) Gíota fá ábhar ar leith
2) Cineál 'dialann' de shórt


Faoi láthair táim ag léamh leabhar Micí Mac Gabhann (wikipedia Micí Mac Gabhann) darbh ainm 'Rotha Mór an tSaoil'. Is iontach amach is amach an cuntas é ar shaol an imircigh thart fá dheireadh an 19ú haois. Meallann an leabhar suim an léitheora idir léitheoirí na gaeilge agus léitheoirí na staire. Is turas é a rinneadh na sluaite ó cheann ceann na tíre, sa tóir ar shaibhris agus tuarastail dá dteaghlaigh sa bhaile. An rud is deise, dar liomsa, a bhaineann leis an leabhar seo ná  an saibhreas teanga atá ann. Tá na mílte nathanna cainte ann nach bhfaca mé go dtí seo. Tá nath amháin a thaitníonn go mór mór liom ; 'char fhás féar ar bith faoi mo chosa gur bhain mé (áit) amach'. Cinnte beidh sé sin in aiste inteacht liom i mbliana!


Tá bliain eile caite anois agam i nGaillimh fá choinne mo chúrsa, Léann an Aistriúcháin & an Ghaeilge. I mbliana beidh mé ( le cuidiú Dé) ag déanamh taithí oibre i dTír Chonaill. Níl faic socraithe go fóill ach ag an am seo tá seans go mbeadh mé ag obair le grúpa beag i Ros Guill darbh ainm Céim Aniar, táim ag tnúth leis an obair seo go mór agus tá súil agam go mbeadh mé in ann í a fháil!

Nóta níos brónaí anois, ha, ach i ndáiríre, beidh mé uaigneach i mbliana toisc go bhfuil an-mhéid cairde déanta agam i nGaillimh, idir Gaeilgeoirí, Béarlóirí agus fiú muintir an Mhéiricéa! Ach nílim ar Feda ar ais 'na bhaile go fóill! Tá cóisir ar siúl teach Conchúr Ó Grubb amárach, agus tá DJ Ó hUiginn ag déanamh an cheoil. Tá súil agam go bhfuair sibh bhur gcuirí  (FB cuireadh)! Chífidh mé ansin sibh ;)