Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-10-10

Solas an Dúchais


An tsiombail is áille de cheantar na Fánaide, agus an t-ábhar ar a bheidh mé ag scríobh mo chéad alt scríobhneoireachta ariamh sa chéad eagrán eile de Guth Ghoill, irisleabhar de chuid Chéim Aniar. Anois tá taighde le deánamh agam ar an fhoirgneamh stairiúil. Nuair a chríochnóidh mé an t-alt is agaibhse a bheas an chéad léamh a léitheoirí :)

2011-10-07

Steve Bartman : Namhaid na gCoileán

14ú Meán Fómhair, 2003 - Bhí na Coileáin Chicago 2 chluiche chun cinn ar na Florida Braves, agus cha raibh constaic ar bith rompu sa chluiche, an cluiche a chuirfeadh ar a mbealach chuig an World Series i ndaoradhpheil (char iarraidh liom focal Gaeilge a aimsiú ar baseball) iad, nuair a tharla an t-eachtra is mí-ámharaí ariamh in Wrigley Field, páirc imeartha na gCoileán. Bhí deis ag imreoir de chuid na gCoileán fear na Braves a chur den pháirc ach tháinig fear san ardán, Steve Bartman, tháinig an fear sin idir an Coileánach agus an liathróid. Chaill na Coileáin an cluiche, agus chaill siad an cluiche cinniúnach an lá dar gcionn chomh maith. Ar an drochuair, cuireadh an locht go huile is go hiomlán ar Steve bocht. Cinnte bhí beith éigin air, ruaigeadh den pháirc é, agus tháinig cochall ar an lucht leanúna thart air. Cha raibh Steve Bartman in ann cur faoi sa chathair, agus char fhill sé ar an pháirc ó shin. Cuirtear i gclár tearmann finné é fá dheireadh. Rinneadh scannán doiciméadach ar an eachtra, ar a dtugtar Catching Hell. Molaim go mór daoibh an scannán a fheiceáil, taispeánann sé cé chomh furasta is a éiríonn meon an ghráscair i measc sluaite spóirt. Deirtear gur tharla an t-eachta seo mar gheall ar  'Mhallacht an Phoic-Ghabhair', ach is scéal eile é sin . . .