Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-01-31

Nóta Beag Asam Inniu

Lá iontach anseo i dTír Chonaill a léitheoirí! Táim ag amharc amach an fhuinneog anonn ar ché na nDúnaibh ar maidin agus b’aoibhinn liom a bheith taobh amuigh agus grianadh maith a thabhairt domh fhéin! 

Ó thús na bliana tá mé ag déanamh iarracht mhór teacht ar mo shláinte arís. Mar is gnáth, thréig mé mo chorpacmhainneacht i rith an Gheimhridh, tá cúrsaí sóisialta agus cúrsaí óil i bhfad níos tábhachtaí ar an duine nó a bheith amuigh ag rith na mbóithre go luath ar maidin! Ach ar na mallaibh thuig mé fá deara go raibh mé ag titim chun feola. Tá an t-ádh liom! Thosaigh CLG Ghaeil Fhánada (Suíomh IdirlínNasc Facebook) ar traenáil arís an tseachtain seo caite, agus súil amháin againn ar an bhliain dheacair atá amach romhainn. Ar ndóigh, tá sé creathnach deacair ag coinneáil suas leis na lúthchleasaithe ar an fhoireann, agus fágadh mé i mbarr mo ghoib go rialta! Níl aon amhras áfach nó go bhfuil mé ar bhóthar an leasa.

Thosaigh mé ar ’Peig’ le Peig Sayers a léamh ar na mallaibh. Is aoibhinn liom an léargas atá le fáil sna leabhair seo, mar is tráchtanna sóisialta iad gan aon agó. Tá go leor briseadh croí le fáil sna scéalta chomh maith. Tá téamaí leanúnacha le feiceáil iontu i gcónaí, téamaí atá fite fuaite leis an chósta iarthair, na Gaeltachaí go háirithe, ar nós an bhochtaineacht, an eisimirce,agus a bheith ag maireachtáil ar an bheagán ar mhaithe leis na daoine is saibhre sa tsochaí, srl. B’fhéidir nach bhfuil an bhochtaineacht chomh forleathan anois (ach ar ndóigh, tá bochtaineacht sa tír, agus tá sí chomh tromchúiseach dóibh siúd atá caite den teach, nó atá ag tarraingt a bpáistí siar ón scoil, nó ón triú leibhéal, srl). Tá an eisimirce chomh forleathan  céanna inniu is a bhí san am sin afach. Tá deartháir liom atá san Astráil fá láthair. Cha raibh cónaí air sa bhaile le tamall maith de bhlianta anois. Tá ceantar na Fánaide bánaithe ag mic máithreacha atá ina gcónaí thar sáile ar mhaithe le tuarastal a ghineadh. Is brónach an scéal é.

Nóta beag níos dóchasaí anois! Táim ar lorg ‘Cnuasach Focal as Ros Goill’ le Leaslaoi U. Lúcás, ach táim ag déanamh go bhfuil sé as cló. Cá háit a bheadh cóip de ar fáil a léitheoirí??


2012-01-29

Obair Bhocht





A dhaoine uaisle, 


Bhí mé ag spaisteoireacht fá bhaile Leitir Ceanainn an Aoine seo caite agus tháinig mé trasna ar na comharthaí seo. Tá timpeall deich gcoiscéim eatarthu. An bhfuil easpa aistritheoirí cumasacha amach ansin? Ní thuigim cén dóigh ar féidir comhartha nua-aimseartha a chur in airde sa charrchlós gan é a chinntiú i dtaobh na gramadaí agus an litrithe de, agus é chomh cóngarach leis an     chomhartha níos aosta agus níos cruinne! (*Ar ndóigh, tá siúl agam go bhfuil an ceart agam , táim cinnte go bhfuil 'Carrchlós an hArdeaglaise' mí-cheart)

2012-01-18

Nathanna Cainte anseo is ansiúd

Le linn mo chuid ama i gCéim Aniar sna Dúnaibh déanaim cómhra leis na daoine áitiúla go mion agus go minic, i nGaeilge más féidir. Go hiondúil le linn an chomhrá, seasfaidh rud éigin amach, idir fhocail nua, idir fhoghraíocht chanúna agus idir chomhthéacsanna neamhghnátha. Cuireann na focail seo leis mo stór focail agus déanaim achan iarracht iad a úsáid as sin amach chomh minic agus is féidir.

Cuir i gcás an sampla seo ó chainteoir líofa dúchais na nDúnaibh. Bhí sé ag déanamh cur síos ar an bhóthar a ghlacfá le teach a aimsiú, agus arsa sé, 'lean ort tamall, agus nuair a fhaigheann tú (a) fhad leis an choill, tiontaigh ar cheart'. Char chuala mé ariamh an focal 'ceart' sa chomhthéacs seo, agus níl fáil air (le linn m'iarrachtaí cibé!) in Ó Dónaill ná i nDe Bhaldraithe.

Chuala mé nath iontach ar na mallaibh sna Dúnaibh ag déanamh cur síos ar dhuine cheanndána mar  'duine ramhar sa réasún'. Is féidir seo a aimsiú in Ó Dónaill  mar 'thick-headed, unreasoning'. Iontach áisiúil amach anseo, táim ag déanamh!

Focal eile a chuala mé, agus a mhínítear domh, mar an focal {KOO-PAN}, (rachaidh mé sa tseans le 'cúpán' mar litriú). Míníodh an focal mar seo : Fadó bhíodh mucra ag daoine anseo is ansiúd. Go minic bheireadh thart ar sé chloigeann dhéag d'theaghlach (ná mar sin) agus bhíodh ar na daoine na muca is laige a thabhairt isteach fán theach le hiad a chothú. 'Cúpán' a tugadh orthu. Cha raibh mé ábalta teacht ar an fhocal seo in Ó Dónaill ná i nDe Bhaldraithe, ach tá cosúlachtaí i mórán bealaigh idir 'cúpán' agus 'cúpla'.


Ar ndóigh, is nós atá in úsáíd sna Dúnaibh agus i mo cheantar fhéin  an focal 'araist' a úsáid in áit 'arís'. Táim ag déanamh go bhfuil sin níos forleithne thart fán chontae agus i gcanúint na n-Ultach?

Bheinn buíoch dá roinnfeadh sibh bhur dtuairimí liom!

2012-01-16

Siar go Chicago



Táim ag siúl go mór leis an samhradh atá amach romhainn! Is amaideach an rud sin a rá os rud nár shroich muid mí na bhfaoilleach go fóill ach tá cúis mhaith agam. Mar bhall den J1, beidh mé ag dul thall go Chicago leis an samhradh a chaitheamh ag obair
amuigh faoin teas! Tá cúpla fear ducháis in éineacht liom ar an aistear  corraitheach seo, beirt ghaeilgeoirí mar a tharlaíonn, is iad sin Marc Mac Conaglaigh, a thagann ó Dhumhaigh Bhig, agus Seán Mac Suibhne, ó Thulaigh na Dála ar an taobh 'i gcéin' den pharóiste, dá mbeadh cúrsaí tíreolaíochta na Fánaide ar eolas agaibh, a léitheoirí ;) Chomh maith le seo tá seans go mbeidh Colm Mac Suihbne, ná Colm Sheárlaí mar is fearr aithne air, ó Ghort na Trá, agus Maitiú Mac an Fhile, ó Leitir Ceanainn, tá seans go mbeidh siad inár dteannta is muid thall! Níl le déanamh agam anois ach dornán mór airgid a fháil ón bhanc (!) agus post páirt-aimseartha a aimsiú idir an dá linn. Tá orm an t-iomlán a íoc roimh an 15ú den mhí seo chugainn, ach le grásta Dé agus lucht na mBanc, (agus cinnte mo mháthair!) beidh muid ar ár mbealach chuig na Stáit! :)

2012-01-04

Meon na Mórchoda?

Ar dtús báire, mo leithscéalta mar is fada an lae ó scríobh mé anseo! Tá siúl agam go mbeidh athbhliain faoi mhaise agaibh ar fad, agus, ar ndóigh, go raibh Daidí na Nollag deas flúirseach libh chomh maith! Tá ceist agam daoibh anois. Bhí mé amuigh oíche éigin ar na mallaibh, agus bhí mé i mo sheasamh leis mo chuid cairde sa sheomra chaithimh. Thosaigh mé ag caint leis na daoine eile thart orainn, mar a dhéanann tú sna cásanna seo. Os rud gur oscail mé i nGaeilge d'fhreagair bean, a bhí ó cheantar láidir Gaeltachta i dTír Chonaill, i nGaeilge liom, rud a chur lúcháir mhór orm. Ach char fhán an lúcháir seo ró-fhada, mar is é an rud a dúirt sí, go deas borb , ná gan a bheith ag 'ligint orm' gur den Ghaeltacht mé agus gan a bheith ag baint úsáide as teanga ná raibh de chumas orm á úsáid. Bhail, a léitheoirí, is cinnte gur bhain seo geit asam. Ach caithfidh mé a admháíl gur fhreagair mise go borb, fiacla céanna léi, agus ansin d'fhág mé. Cad é bhur mbarúil fán eachtra seo? Ní scríobhfainn fá seo, seans go raibh drochfhonn uirthi, sin a leithéid, ach chan seo an céad am a chuaigh mé in aithne leis an meon seo, agus tarlaíonn sé, i mo thaithí, i bhfad ró-mhinic. Ní thaitníonn an aigne chéanna liom beag ná mór. Ar tháinig sibh trasna ar eachtraí ar bith mar seo, a chairde dhílse?