Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-10-26

Ceathrar Cáilithe ó Choláiste Ailigh

Tá deireadh tagtha le Bronnadh na gCéimeanna anseo i nGaillimh. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar an atmaisféar a bhí san Ollscoil le cúpla lá anuas. Is mór an t-áthas dom daoine a fheiceáil ag ceiliúradh lena gcairde agus lena dtuismitheoirí i ndiaidh dóibh a gcéimeanna a fháil tar éis na blianta  a chaitheamh ag foghlaim a n-ábhar éagsúla. Cáilíodh cairde liom agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a thabhairt don cheathrar seo a leanas: 

Ó Chlé - Conchúir Ó Grubb, Colm Ó Fearraigh, Andrew Higgins agus Owen Lyons



Seo chugaibh ceathrar a bhí liom ó bhí muid lenar gcéile sa dara bliain i nGaelscoil Adhamhnáin. Tá grúpa againn anseo i nGaillimh ó shin, b'fhéidir ochtar dúinn, agus ba mhór an ábhar bróid dúinn ár ndaoine féin a fheiceáil lena gcéimeanna. Rinne Conchúir Ó Grubb céim sa Ghaeilge agus sa Tír Eolais, macasamhail Owen Lyons. Rinne Andrew Higgins céim sa Ghaeilge agus sa Stair (seans go raibh tionchar mór ag a sean-mhúinteoir air) agus rinne Colm Ó Fearraigh céim sa Stair agus sa tSocheolaíocht & Pholaitíocht. Is iadsan an chéad dream de chuid rang 09' Coláiste Ailigh atá céimeanna acu, agus cheap mé gur chóír nóta beag a scríobh futhu! (Dála an scéil, tá Owen ag leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge agus tá Máistreacht sa Nua-Ghaeilge idir lámha aige anseo in OÉ Gaillimh faoi láthair). 




Ar aghaidh chuig scéal eile, maram go bhfuil rud éigin ar siúl i Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn? Os rud gurb é seo an chéad am dom a bheith ag an Oireachtas, táim ag súil go mór leis an chraic agus an chomhrá. Tá na sluaite le bheith i Leitir Ceanainn agus tá súil agam go bhfeicfidh mé thú ann, a chairde dílse!


2012-10-21

Measúnaithe mallaithe

I ndiaidh measúnú leanúnach a chríochnú, aistriúchan 7 leathanach ar irisleabhar beag dúlra do phaistí. Ghlac an t-irisleabhar beag céanna tamall millteanach fada orm a dhéanamh, agus déarfainn nach bhfuil mórán maitheas ann go fóill. Is deacair an saothar an t-aistriúchán, ach sílim go bhfuilim ag teacht ar ghiota ag an am, ach an é aistriúchán an tslí beatha atá amach romham? Bheinn amhrasach go leor faoi dtaobh de.

Scéal eile, tá an tOireachtas ag teacht aníos agus ní fada anois go mbeidh sé sa mhullach orainn a chairde! Cha raibh mé ag aon Oireachtas go dtí seo (nach náireach an scéal?!) agus níl le cluinstin agam ach scéalta ar cé chomh sultmhar is atá sé! An cultúr agus an t-ól ag teacht le chéile i mbaile atá béal dorais liom, maram gur chóir dul!! Cé agaibh a bhéas ann?

Oíche Shathairn agus táim i mo shuí ag amharc ar The Good, the Bad and the Ugly, in ainneoin go bhfuil achan duine eile amuigh ag baint sult is spraoi as Cathair na Gaillimhe, ná habair liom gur shaol an mhadaidh bhig saol an mhic léinn!

2012-10-13

Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge

Tá an Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, a bhí ar siúl in Áras na Gaeilge, OÉG, ag teacht chun críche inniu, agus caithfear a rá gur chaith mé dhá lá iontach pléisiúrtha i mórán de na daoine is léannta agus is eolaí araon, i dtaobh Litríocht agus Cultúr na Gaeilge sa lá atá inniú ann. I measc na haoi-chainteoirí sheas caint Antain Mac Lochlainn ar Eachtraí Eilíse (Alice in Wonderland), scéal atá dhá leagan Gaeilge eagsúla leis, agus labhair sé go ginearálta faoin chur chuige aistriúcháin atá in úsáíd ag formhór na haistritheoirí an lae inniu. Bhí caint thar a bheith suimiúil ag an tOllamh Greg Toner ar scéalta Rúraíochta agus ar fhearg Chú Chulainn! Táim ag súil go mór le léacht amháin eile, curtha i láthair ag Colm Mac Uiginn ar anailís modheolaíochta i mBéal Feirste agus i nGaeltachtaí Thír Chonaill. Fágaim slán libh tamall ar mhaithe leis an léacht chéanna a léitheoirí!

2012-10-05

An Mhatamaitic sa Spórt

Tagann ceist chugam anois is arís a chairde, s'ea sin : Cén dóigh a thagann geallghlacadóirí ar a bhfigiúirí? Cén dóigh, mar shampla, a shocraíonn siad ar 1/2 mar sheans Manchester United agus iad ag imirt sa bhaile in éadan, abair, Stoke City, nó a leithéidí?

Tá an mhatamaitic in úsáid sa spórt acu, ag dreamanna ar nós anailíseoirí agus síceolaíthe spóirt go forleathan, ach go dtí le déanaí ba bheag an líon duine sa phobal a bhí teacht isteach aige / aici orthu. Táim ag léamh leabhar iontach suimiúil i láthair na huaire, dár tideal 'Soccernomics - Why England Loses, Why Germany and Brazil Win, and Why the US, Turkey, Australia, Japan - And Even Iraq - Are Destined to Become the Kings of the World's Most Popular Sport.' Stefan Szymanski (eacnamaí spóirt) agus Simon Kuper (iriseoir) a scríobh, agus déanann an leabhar cur síos ar rudaí a tharlaíonn i saol an tsacair go coitianta, mar shampla, theip an Shasana sna mór-chomórtais domhanda, an tuige a eiríonn níos fearr le daoine áirithe i gciceanna éirice, agus araile. 

Is é an rud is suimiúla faoin leabhar seo ná an cur chuige atá ag na scríbhneoirí. Ní theastaíonn uatha an gnáth-léitheoir a chur ar stae le cothromóidí casta na matamaitice. Ní dhéanann siad mion-chur síos ar a bhfoirmlí, ach léiríonn siad an modh ginearálta agus, níos tábhachtaí, na toraidh as a gcuid oibre. 

Agus nach suimiúil na torthaí céanna?! Thaispeánann sé na factóirí spóirt agus na factóirí socheolaíocha, mar shampla, nár bhain imreoirí gorma cothrom na féinne amach i dtéarmaí tuarastáil go dtí na 90ídí. Léiríonn sé an fáth a theipeann ar fhoirne i gcónaí mar ghnóthaí ach nach dtéann siad ó radharc go deo. Déanann an leabhar tagairt mór do leabhar eile a theastaíonn uaim a léamh fosta, s'ea sin 'Moneyball - The Art of Winning an Unfair Game' le Micheal Lewis. Rinneadh scannán as an leabhar seo le Brad Pitt mar Billy Beane, bainisteoir Oakland Athletics, foireann baseball sna Stáit Aontaithe. Bhí foireann Beane ag streacailt go mór i baseball mar gheall ar ghanntanas airgid, agus ní raibh siad ábalta dul in iomaíocht leis na foirne mór le rá, New York Yankees agus a leithéidí. Shocraigh Beane ar mhodh nua-aimseartha lena fhoireann a roghnú, ag baint úsáid as an mhatamaitic amháin agus gan aird a thabhairt do na modhanna traidisiúnta a bhí sa chluiche go dtí sin le himreoirí nua a mheas.

Pléann na leabhair seo, agus leabhair eile cosúil leo, ábhar an-shuimiúil faoi mhatamaitic sa spórt. Díríonn siad isteach ar na spóirt go fuarchúiseach agus scrúdaíonn siad na cúiseanna taobh thiar de rathúlacht foireann amháin agus theip foireann eile. B'fhiú iad a léamh sula dtéann sibh go hoifigí Paddypower Boylesports agus súil agaibh dornán airgid a bhuachan a chairde!




Moneyball - Michael Lewis

Soccernomics - Simon Kuper agus Stefan Szymanski