Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2013-01-31

Fuinneog an Aistrithe - The Transfer Window

Mar is eol d'achan duine a leanann cúrsaí sacair, tá Fuinneog an Aistrithe, nó an Transfer Window mar is fearr aithne air, ag druidim inniu. Ciallaíonn seo nach bhfuil fágtha ach leathlá ag achan fhoireann peile imreoirí nua a chur leis an fhoireann ó seo go deireadh na bliana. Dár ndóigh, bíonn foirne áirithe iontach gnóthach i rith an tréimhse seo agus táim ag súil go mór leis na foirne sin a leanúint. Beidh súil a choinneáil agam ar iarrachtaí Sunderland AFC le himreoirí nua a aimsiú, agus aird speisialta agam ar 'Harry Houdini' é féin, Harry Redknapp, atá ag iarraidh QPR a choinneáíl i bpríomhroinn na Sasana. Is dócha gurb é an t-aistriú is mó a tharla go dtí seo nó aistriú Mario Balotelli go AC Milan ó Manchester City, ach bí cinnte go mbeidh níos mó scéalta ag lucht leanúna sacair faoin am seo amárach!

2013-01-22

Siar go Conamara - Mainistir na Coille Móire

Is aisteach an dóigh a tharlaíonn rudaí. Táim ag druidim ar dheireadh mo chuid ama i nGaillimh agus tá Gaeltacht na Gaillimhe, ceantar álainn Conamara, béal dorais liom, ach chuig mé mo chéad turas ar an taobh sin tíre an tseachtain seo caite. Níos measa fós, b'fhéidir, ábhar mo chuairte.  Bhí beirt Mheiriceánach, mo ghirseach speisialta, Megan, as Chicago, agus cara léi, Madeline, as cathair Cleveland in Ohio, bhí siad ag stopadh liom ar feadh seachtaine agus shocraigh muid ar chúpla turas a dhéanamh. Is le comhlacht Lally's a thaisteal muid agus bhí Joe, ár dtreoraí, iontach maith ar fad. Ba léir nach bhfuair sé mórán turasóirí ó Thír Chonaill, agus bhí craic maith againn leis i rith an lae. Mholfainn go mór na turais leo d'éinne atá an tslí ar intinn acu.

Chaith muid beagnach 2 uair an chloig ag déanamh ár mbealach amach go Mainistir na Coille Móire, ceann scríbe an turais, agus fhad agus a bhí an bus ar an bhóthar roinn Joe an-mhéid eolais linn faoin cheantar agus faoi mhuintir na háite. Bhí scéal millteanach bróin na ndaoine i rith thréimhse an Ghorta Mhóir a insint aige, agus ba thruacánta a scéil, go háirithe nuair a thaispeáint sé 'ballaí an Ghorta Mhóir' dúinn, ballaí cloch a thosaigh ag bun na gcnoc agus a dheachaigh suas mar bholb gránna rith an bhealaigh chuig bharr na gcnoc. Dúirt Joe linn gur tosaíodh an obair éadairbheach, dhrochmhisneach seo leis na tionóntaí a choinneáil faoi smacht agus iad a mhealladh le greim bia. Chaith mé mo smaointe siar ar mo mhuintir féin a fhulaingt i rith an tréimhse ghruama sin, agus tháinig crá ar mo chroí.

I ndiaidh dúinn tamall a chaitheamh ar an bhóthar, d'ól muid braon tae i mbaile An Líonáin, ansin ar aghaidh linn go dti gur shroich muid Mainistir na Coille Móire.

Is minic mé in áiteanna álainn, ach caithfidh mé a rá gur bhain an mhainistir, atá suite go hiontach idir cnoc agus loch,bhain sí gheit asam. Tá scéil na mainistreach ar fáil anseo, ach go simplí tógadh é mar ghotha grá, agus tá léaráidí scaipthe thart faoin eastáit a mhíníonn an scéal ina hiomláine. Tá cúpla grianghraf le fáil ar mo shuíomh Facebook d'éinne atá ag iarraidh áilleacht na háite a fheiceáil.

Bhí lá iontach liom agus mholfainn an turas céanna daoibh ar fad, a léitheoirí! 

Ó chlé - Megan, mé féin agus Madeline