Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2013-02-14

Mar Eolas

Mar eolas daoibh a chairde, táim ag éirigh as an bhlag seo a scríobh, agus ag bogadh ar aghaidh thug an suíomh nua seo - http://smaointeonchampas.blogspot.ie/ - bígí liom más féidir!

Le meas agus buíochas mór,

Colm

2013-02-11

Leithscéal

Leithscéal uaim ar maidin, a chairde.

Táim falsa.

Táim thar a bheith falsa.

Theastaíonn uaim rudaí a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge a spreagadh agus a chothú i measc mo dhaoine, ach níos minice nó a mhalairt cuirim na tionscnaimh mhóra mhionsaothraithe seo ar an méar fada. Tá beagnach mí imithe ó scríobh mé a dhath ar bith suimiúil anseo agus níor dhearna mé mórán idir an dá linn. Cúrsaí ollscoile, dár ndóigh, ach ní shin an tuige nach scríobhaim níos rialta. Easpa ábhar, b'fhéidir, ach nílim ag fanacht sa bhaile achan lá agus oíche agus an domhan mór ag sleamhnú tharam gan tásc gan tuairisc.

Ní scríobhaim níos rialta de bharr easpa díograise. Táim náirithe a leithéid de rud a admháil, ach mar sin féin is léir dom gurb í an fhírinne lom atá ann. Tá súil agam go dtiocfadh feabhas orm roimh i bhfad, ach b'fhéidir go bhfuil sé in am dom an blag seo a stopadh, agus blag nua, níos aibí a thosú.

Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile arís, a chairde!