tag:blogger.com,1999:blog-24212578607886482492024-03-16T01:10:13.754+00:00Tuairimí ÉagsúlaColm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.comBlogger51125tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-91073597326936156342013-02-14T16:30:00.002+00:002013-02-14T16:30:47.352+00:00Mar EolasMar eolas daoibh a chairde, táim ag éirigh as an bhlag seo a scríobh, agus ag bogadh ar aghaidh thug an suíomh nua seo - http://smaointeonchampas.blogspot.ie/ - bígí liom más féidir!

Le meas agus buíochas mór,

ColmColm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-78198133033705815482013-02-11T12:30:00.000+00:002013-02-11T12:30:20.052+00:00LeithscéalLeithscéal uaim ar maidin, a chairde.

Táim falsa.

Táim thar a bheith falsa.

Theastaíonn uaim rudaí a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge a spreagadh agus a chothú i measc mo dhaoine, ach níos minice nó a mhalairt cuirim na tionscnaimh mhóra mhionsaothraithe seo ar an méar fada. Tá beagnach mí imithe ó scríobh mé a dhath ar bith suimiúil anseo agus níor dhearna mé mórán idir an dá linn. Cúrsaí ollscoile, dár ndóigh, ach ní shin an tuige nach scríobhaim níos rialta. Easpa ábhar, b'fhéidir, ach nílim ag fanacht sa bhaile achan lá agus oíche agus an domhan mór ag sleamhnú tharam gan tásc gan tuairisc.

Ní scríobhaim níos rialta de bharr easpa díograise. Táim náirithe a leithéid de rud a admháil, ach mar sin féin is léir dom gurb í an fhírinne lom atá ann. Tá súil agam go dtiocfadh feabhas orm roimh i bhfad, ach b'fhéidir go bhfuil sé in am dom an blag seo a stopadh, agus blag nua, níos aibí a thosú.

Go dtí go bhfeicfidh muid a chéile arís, a chairde!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-61328969050207287782013-01-31T12:47:00.000+00:002013-01-31T12:47:20.101+00:00Fuinneog an Aistrithe - The Transfer WindowMar is eol d'achan duine a leanann cúrsaí sacair, tá Fuinneog an Aistrithe, nó an Transfer Window mar is fearr aithne air, ag druidim inniu. Ciallaíonn seo nach bhfuil fágtha ach leathlá ag achan fhoireann peile imreoirí nua a chur leis an fhoireann ó seo go deireadh na bliana. Dár ndóigh, bíonn foirne áirithe iontach gnóthach i rith an tréimhse seo agus táim ag súil go mór leis na foirne sin a leanúint. Beidh súil a choinneáil agam ar iarrachtaí Sunderland AFC le himreoirí nua a aimsiú, agus aird speisialta agam ar 'Harry Houdini' é féin, Harry Redknapp, atá ag iarraidh QPR a choinneáíl i bpríomhroinn na Sasana. Is dócha gurb é an t-aistriú is mó a tharla go dtí seo nó aistriú Mario Balotelli go AC Milan ó Manchester City, ach bí cinnte go mbeidh níos mó scéalta ag lucht leanúna sacair faoin am seo amárach! Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-23399621322516327762013-01-22T23:45:00.002+00:002013-01-23T00:18:57.180+00:00Siar go Conamara - Mainistir na Coille Móire Is aisteach an dóigh a tharlaíonn rudaí. Táim ag druidim ar dheireadh mo chuid ama i nGaillimh agus tá Gaeltacht na Gaillimhe, ceantar álainn Conamara, béal dorais liom, ach chuig mé mo chéad turas ar an taobh sin tíre an tseachtain seo caite. Níos measa fós, b'fhéidir, ábhar mo chuairte. Bhí beirt Mheiriceánach, mo ghirseach speisialta, Megan, as Chicago, agus cara léi, Madeline, as cathair Cleveland in Ohio, bhí siad ag stopadh liom ar feadh seachtaine agus shocraigh muid ar chúpla turas a dhéanamh. Is le comhlacht Lally's a thaisteal muid agus bhí Joe, ár dtreoraí, iontach maith ar fad. Ba léir nach bhfuair sé mórán turasóirí ó Thír Chonaill, agus bhí craic maith againn leis i rith an lae. Mholfainn go mór na turais leo d'éinne atá an tslí ar intinn acu.

Chaith muid beagnach 2 uair an chloig ag déanamh ár mbealach amach go Mainistir na Coille Móire, ceann scríbe an turais, agus fhad agus a bhí an bus ar an bhóthar roinn Joe an-mhéid eolais linn faoin cheantar agus faoi mhuintir na háite. Bhí scéal millteanach bróin na ndaoine i rith thréimhse an Ghorta Mhóir a insint aige, agus ba thruacánta a scéil, go háirithe nuair a thaispeáint sé 'ballaí an Ghorta Mhóir' dúinn, ballaí cloch a thosaigh ag bun na gcnoc agus a dheachaigh suas mar bholb gránna rith an bhealaigh chuig bharr na gcnoc. Dúirt Joe linn gur tosaíodh an obair éadairbheach, dhrochmhisneach seo leis na tionóntaí a choinneáil faoi smacht agus iad a mhealladh le greim bia. Chaith mé mo smaointe siar ar mo mhuintir féin a fhulaingt i rith an tréimhse ghruama sin, agus tháinig crá ar mo chroí.

I ndiaidh dúinn tamall a chaitheamh ar an bhóthar, d'ól muid braon tae i mbaile An Líonáin, ansin ar aghaidh linn go dti gur shroich muid Mainistir na Coille Móire.

Is minic mé in áiteanna álainn, ach caithfidh mé a rá gur bhain an mhainistir, atá suite go hiontach idir cnoc agus loch,bhain sí gheit asam. Tá scéil na mainistreach ar fáil anseo, ach go simplí tógadh é mar ghotha grá, agus tá léaráidí scaipthe thart faoin eastáit a mhíníonn an scéal ina hiomláine. Tá cúpla grianghraf le fáil ar mo shuíomh Facebook d'éinne atá ag iarraidh áilleacht na háite a fheiceáil.

Bhí lá iontach liom agus mholfainn an turas céanna daoibh ar fad, a léitheoirí!

Ó chlé - Megan, mé féin agus Madeline

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-27623469073957946722012-12-31T14:17:00.000+00:002012-12-31T14:17:25.027+00:00Deireadh na Bliana 2012Agus tús a chur le bliain nua, táim ag caitheamh súl ar a tharla i 2012 agus níl aon chuimhne amháin a bhrúnn chun tosaigh mar a dhéanann Cluiche Ceannais na hÉireann 2012, áit ar thóg Dún na nGall Corn Mhic Uidhir don dara uair. Bhí mé i mo sheasamh ar an Chnoc agus radharc iontach agam ar a tharla sa tríú nóiméad nuair a tharraing Michael Murphy liathróid ón spéir sula chur sé go cúl é le cic millteanach cumhachtach. Cic mór a bhí ann a shocraigh an cluiche sula thosaigh sé i ndáiríre, ach dár ndóigh, níl locht agam ar sin!

Níor féidir dearmad a dhéanamh de na suáilcí a bhí agam i rith an tsamhraidh fosta agus mé thall i gCathair Chicago ar J1. Chuir mo phost, an ghrian, agus mo chairde go mór le samhradh iontach. Glactha rá fosta gur fhág mé Chicago mar pháirt (fíor-bheag!) d'fhoireann Wolfe Tones a bhuaigh Corn Sinsir Peile na Cathrach. Bhain mé an-sult as mo chuid ama le Céim Aniar na nDúnaibh agus Seán Mór i gComhairle Chontae Dhún na nGall fosta. Táim buíoch as ucht na cairde nua atá déanta agam agus na seanchairde atá chomh mór liom anois agus a bhí ariamh.

Táim ag súil go mór leis na dúshláin atá amach romham i 2013. Táim i mbliain mo chéime agus cheana féin táim ag díriú ar ghrád a ligean domh céim máistreachta a dhéanamh i mbliana. Mura éiríonn liom, níl a fhios agam cad atá i ndán domh amach anseo, ach táim lán-cinnte go n-éireoidh go breá liom ar an chúrsa, mar atá ag éirigh liom go dtí seo.

Tiocfaidh rudaí iontacha ón bhliain úr, táim lán muiníne den mhéid sin! (Agus tá Máirt Thír Chonaill, 2013 ag druidim linn fosta ;) )

Athbhliain faoi mhaise daoibh a chairde!

ColmColm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-78063089057104016762012-12-01T03:23:00.001+00:002012-12-01T03:23:19.350+00:00Ceist na gCanúintí agus an nGaeilge BheachtCuireann tú aithne ar an-chuid cainteoirí Gaeilge agus tú i mbun céime, feictear dom. Tá aithne mhaith agam ar Ghaeilgeoirí atá scaipthe ar fud ár n-oileáin bhig, agus fiú ar dhaoine atá tagtha go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, ó áiteanna chomh fada i gcéin le Bostún sna Stáit Aontaithe, mar shampla. Is minic ama gur iontach na cainteoirí iad siúd nár tógadh sna ceantair thraidisiúnta Gaeilge is láidre - Gaeltachtaí catagóir 'A' sa lá atá inniu ann, is dócha - ó thaobh shoiléireacht na Gaeilge de. Dá mbeinn dalba agus céim níos faide a ghlacadh, is minic feictear dom go bhfuil Gaeilge níos sothuigthe acu siúd nár rugadh sna ceantair Ghaeltachta ná mar atá acu siúd a dtógadh i nGaoth Dobhair, i gConamara, i Múscraí agus araile.

Ba mhinic sna blianta beaga seo a chuaigh thart gur mhothaigh mé náire éigin mar Ghaeilgeoir breac-Gaeltachta. Shíl mé i gcónaí, siocair go bhfuil Gaeilge líofa ag mo mháthair, ag aintíní agus ag uncailí áirithe, gur chóir Gaeilge nádúrtha, líofa Gaeltachta den chéad scoth a bheith agam (ábhar atá pléite agam cheana). Mhothaigh mé gurbh oidhreacht ár dteaghlaigh í agus go raibh mé ag briseadh an tsnátha stairiúla sin a bhí agam le sinsear m'fhola de bharr nach raibh scoth na Gaeilge agam. Is dócha gur mheon ardnósach é ar bhealach an smaoineamh seo a bhí agam gur chóir go mbeidh Gaeilge d'ardchaighdeán ionam os rud gur labhair mo mhuintir í sna glúine a tháinig romham. Táim giota (giota beag, dar ndóigh!) níos eolaí ar an ábhar anois, agus tuigim nár féidir aon rud a chur go hiomlán faoi smacht gan obair chrua, dhúshlánach a dhéanamh ar a shon. Níor sheas sac folamh go dtí seo agus níorbh fhoghlaim éinne teanga gan obair ach oiread.

Tá méid mór daoine ag déanamh céimeanna áirithe le Gaeilge in OÉ Gaillimh. Is as ceantair Ghaeltachta cuid acu, ach is as achan áit eile (tá fuath agam ar an bhfocal Galltacht) formhór na gcéimithe. Os rud gurb as Tír Chonaill mé, agus go bhfuilim i nGaillimh, tá aithne réasúnta agam ar dhá cheann de na mór-chanúintí Gaeilge. D'fhoghlaim formhór na gcéimithe a gcuid Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus caithfidh mé a rá, i mo thuairim phearsanta féin amháin, go bhfuil sé níos fusa a bheith ag labhairt leo in amanna nó mar atá le cainteoirí Gaeilge na nGaeltachtaí áirithe atá luaite agam. Cheap mé i gcónaí go raibh tús áite ag foclóireacht ar fhuaimniú teanga i dtaobh cumarsáide de, ach measaim anois nach raibh an ceart agam ar chor ar bith. Thug eachtra amháin a tharla le déanaí le fios go soiléir dom cé chomh mór agus chomh neamhphraiticiúil agus atá an fhadhb seo . Bhí mé ag déanamh comhrá le fear Gaeltachta agus, siocair go raibh deacrachtaí agam á thuiscint, agus go raibh deacrachtaí aige mo thuiscint, thiontaigh muid go Béarla go nádúrtha le linn ár gcomhrá. Tharraing Gaeilgeoir eile a fhad linn, nach as ceantar Gaeltachta dó, agus thiontaigh an comhrá ar ais go Gaeilge arís. Seo muid ag labhairt linn, deacrachtaí agam mo dhuine a thuiscint, deacrachtaí aige mise a thuiscint, agus an fear eile compordach an péire againn a thuiscint agus, dar ndóigh, muid ábalta achan focal uaidh a thuiscint gan stró.

Tá seo feicthe agam go mion minic le linn mo chuid ama i nGaillimh. Teipeann ar chomhráite idir chainteoirí Gaeltachta éagsúla mar gheall ar easpa tuisceana ach ní theipeann riamh ar chomhrá idir Ghaeilgeoirí nárbh as an nGaeltacht iad agus dhaoine Gaeltachta. D'fhreastail mé ar cur i láthair a rinne Colm Mac Uiginn ag An Chomhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge ar an ábhar seo. Tá tionscadal ar siúl aige ina bhfuil meascán de chainteoirí Gaoth Dobhair agus cainteoirí Béal Feirste agus tá sé ag déanamh anailíse ar ghnéithe difriúla cainte atá ag teacht chun cinn le linn a gcuid comhráite. Sílim go mbeidh torthaí an taighde sin iontach suimiúil.

B'aoibhinn liom bhur dtuairimí a phlé ar an ábhar seo. Ná bí aon drogall oraibh teacht salach ar an méid atá ráite agam ach oiread!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com8tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-62468143880456341702012-11-28T01:00:00.000+00:002012-11-28T01:00:14.195+00:00Moilleadóireacht i Lár na hOícheTarlaíonn rud aisteach faoi dhó achan bhliain, thart ar mhí na Nollag agus ag deireadh mhí Aibreáin. Cad a tharlaíonn sna míonna áirithe seo, a léitheoirí? Ar chúis éigin nach bhfuil míniú nádúrtha ar bith air, éirím i bhfad níos gnóthaí ar na meáin shóisialta, agus ar an Playstation lofa sa choirnéal, nó caithim níos mó ama ag ag scimeáil ar an idirlíon, nó ag dul ar thurais mhalla san oíche chuig an siopa . . .

Is dócha go bhfuil ceangal in teacht idir thitim táirgiúlachta s'agam agus na scrúthuithe a thiteann ag deireadh na seimeastar áirithe acadúla. Is é an focal moilleadóireacht (procrastination sa Bhéarla) an focal is coitianta faoi láthair le cur síos a dhéanamh ar an fheiniméan seo, nuair a thiontaíonn mic léinn agus scólairí ar na rudaí amaideacha is taitneamhaí leo le hiarracht a dhéanamh a gcuid stáidéir a chur 'ar an mhéar fhada' le linn na n-amanna is tábhachtaí san fheilire acadúla. Sroichim an pointe seo anois agus arís, agus táim ag an phas moille anois gan amhras! Táim ag tabhairt faoi aiste a bhfuil an-shuimiúil ar fad dom, An Scríbhneoir agus an Chathair i Nualíotríocht na Gaeilge, ach táim ag rómhar liom mar a bheadh bradán in aghaidh an damba, ag tóiseacht agus ag déanamh réidh le pé rud atá scríofa agam mar nár thaitin sí liom agus ag tóiseacht arís. Éirim cancrach de bharr an easpa dhul chun cinn, agus suím ar mo thóin mhór fhalsa os comhair na teilifíse, ag amharc ar The Weakest Link nó Ceist GAA le Hector, agus an seafóid eile a bhíonns ar siúl i rith an lae. Is mar sin a bhíonns mé ar feadh cúpla uair an chloig, go dtí go héiríonn an guth beag atá ag rámhóireacht leis i m'intinn agus scairteann sé orm 'ÉIRIGH IS DÉAN RUD IN TEACHT!'

Anois ar ais liom chun na haiste seo . . .Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com4Bóthar an tSeantalaimh53.2705588 -9.056667753.261062800000005 -9.0764087 53.2800548 -9.0369267tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-72299749301879834392012-11-17T15:07:00.000+00:002012-11-17T15:08:06.661+00:00Smaointe

Chím an leathanach mór bán seo os mo chomhair,

Agus glactha mo smaointe a chur ar an phár

Cad iad mo smaointe?

An bhfuilim ag smaoineamh i nGaeilge nó i mBéarla?

Cén fáth a bhfuilim ag smaoineamh i mBéarla?

Nach Gael mé?

Cad is Gael?

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-47603743795535076702012-11-14T02:49:00.000+00:002012-11-14T02:49:30.530+00:00An Fear Dána - Alan TitleyBhí orm mar pháirt den chúrsa Úrscéalaíochta in OÉG an tÚrscéal An Fear Dána le hAlan Titley a léamh. Caithfidh mé cúpla rud a rá faoin leabhar.

Ar dtús báire, ba shoiléir dom agus mé ag léamh an leabhar go bhfuil mo leibhéal léamhthuisceana i bhfad níos laige ná mar a shíl mé. Nuair a thosaigh mé á léamh, bhí mé ag iarraidh an saibhreas a bhlaiseadh ina hiomlán, rud a d'fhág mo lámha bochta lag i ndiaidh dóibh achan chúpla focal a aimsiú in Ó Dónaill, agus an tuige cuí a fháil, agus b'fhéidir dá rithfeadh nath ón leabhar liom a chuaigh i bhfeidhm orm, go scríobhfainn ar an phár é. Lean an próiseas seo leis go deas socair ar feadh giota, ach de réir a chéile tháinig laghdú ar mo shuim san uile fhocal, agus san uile nath, siocair go bhfuil an leabhar plódaithe ó thús deiridh leo, agus na meafair fileata agus na nathanna saibhre agus na híomhanna iontachta uilig ag teacht i mullach a chéile. Shocraigh mé ar phlean eile sa deireadh, shocraigh mé ar an mhionscrúdú ar na habairtí uilig sa leabhar a chur ar leataobh, ach an scéal a thabhairt liom agus na focail chasta nár aithin mé a fhágáil i mo dhiaidh go dtí an t-am go mbeidh an deis agam filleadh orthu agus iad a shealbhú go hiomlán.

D'ardaigh seo ceisteanna ionam. Cad chuige nach bhfuil mé ábalta, agus mé i mbliain mo chéime, achan leabhar a léamh gan a bheith ag lorg na bhfoclóirí go mion minic. An é nach bhfuil mé cliste go leor leis an teanga chur faoi smacht? B'fhéidir, ach sílim nach mbeidh ach líon beag de Ghaeilgóirí na tíre seo ábalta an leabhar céanna a léamh gan deacrachtaí. Creidim sa mhéid sin siocair nár féidir liom an taobh eile den scéal a chreidiúint, nó cuirfidh sé in ísle brí mé.

Is aoibhinn liom an scéal. Tá cúrsaí staire na tréimhse chomh saibhir agus chomh cruinn is go ligeann sé don léitheoir a shamhlaíocht a scaoileadh amach. Tá an scéal bunaithe ar Mhuireadhach Ó Dálaigh, file mór le rá i saol na Gaeilge i bhfad siar, agus ní chreidim cé chomh éifeachtach agus atá an scéal inste ag Alan Titley. Nílim le haon chuid den phlota a nochtadh ach molaim go mór daoibh, a dhaoine uaisle, cóip den leabhar a fháil agus a léamh má tá an fáil agaibh a leithéid a dhéanamh. B'fhiú go mór é mar fhoinse Gaeilge d'ardchaighdeán agus mar fhoinse staire cruinne araon. Dár ndóigh, is féidir léirmheastóireachtaí i bhfad níos foirfe ná mo cheannsa a fháil ar-líne, ach cheap mé gur chóir dom píosa a scríobh air os rud gur dheachaigh an leabhar i bhfeidhm chomh mór sin orm!

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com050 Maunsells Rd, Co. Galway, Ireland53.272360920535462 -9.072282314300537153.27117392053546 -9.074749814300537 53.273547920535464 -9.0698148143005373tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-9581839777600479312012-11-06T13:23:00.000+00:002012-11-06T13:23:28.747+00:00Leitir Ceanainn agus Cabaret na Craice!Táim ar ais i nGaillimh agus ag tabhairt faoi mo chuid staidéir arís i ndiaidh an Satharn seo caite a chaitheamh i Leitir Ceanainn ag Oireachtas na Samhna, 2012. Faraor, ní bhfuair mé mórán deiseanna na himeachtaí a bhlaiseadh, taobh amuigh de bheagán sceitse 's agallaimh bheirte. Bhí giota oibre i bhfoirm agallaimh le déanamh agam, agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le buíochas mór a thabhairt do Mise Áine a bhí thar a bheith sásta casadh liom in Óstán Mount Errigal agus a tuairimíocht láidir, suimiúil a nochtadh ar bhlagáil na Gaeilge. Thug sí lón machnaimh dom le linn ár gcomhrá beag agus is iontach an cuidiú agus an chuideachta i gcoitinne í!

Thug mé féin agus cúpla cara liom aghaidh ar an Chabaret Chraiceáilte in Óstán Clanree oíche Shathairn seo caite. A leithéid d'fhuinneamh! Is duine mé atá cúpla ceolchoirm freastalta agam le blianta anuas agus caithfidh mé a rá, in ainneoin nach raibh aithne agam ar éinne de na bannaí éagsúla a bhí ar an stáitse, gur bhain mé sult millteanach as an cheol a bhí curtha i latháir ag fear an tí, Rónán Mac Aodha Bhuí. Bhí idir óg is aosta i latháir, ach bhí formhór an tslua ann ar chomhaois liom. Tá éachtaí móra gnóthaithe ag an láithreoir Raidió na Gaeltachta ó chuir sé tús leis an Chabaret Craiceáilte, agus is iontach an rud dea-thorthaí a tsaothair a fheiceáíl ón méid daoine óga a tharraing ar an Chabaret Craiceáilte an deireadh seachtaine seo caite. Chaith mé an oíche ag rince liom lár an urláir agus ag dul in aithne leis na réabhairí mire timpeall orm (macasamhail mé féin, is dócha!).

Tharraing mé ar fhear an tí i rith na hoíche agus chuir aithne air, agus caithfidh mé a rá gur scoth na bhfear é, sásta seanchas a dhéanamh liom fiú agus é ag reáchtáil na hócáide. Tá súil agam nár chuir mé isteach go ró-mhór air!

Sin chugat mo chéad turas chuig an Oireachtas, agus chéana féin táim ag súil go mór le Cill Áirne i mbliana agus go mbeidh mé in ann na cairde atá déanta agam a fheiceáil arís!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com1Letterkenny, Co. Donegal, Ireland54.9558392 -7.734278754.9193687 -7.8132427 54.9923097 -7.6553147tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-73208991345027107642012-10-26T22:38:00.000+01:002012-10-26T22:42:45.421+01:00Ceathrar Cáilithe ó Choláiste Ailigh

Tá deireadh tagtha le Bronnadh na gCéimeanna anseo i nGaillimh. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar an atmaisféar a bhí san Ollscoil le cúpla lá anuas. Is mór an t-áthas dom daoine a fheiceáil ag ceiliúradh lena gcairde agus lena dtuismitheoirí i ndiaidh dóibh a gcéimeanna a fháil tar éis na blianta a chaitheamh ag foghlaim a n-ábhar éagsúla. Cáilíodh cairde liom agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a thabhairt don cheathrar seo a leanas:

Ó Chlé - Conchúir Ó Grubb, Colm Ó Fearraigh, Andrew Higgins agus Owen Lyons

Seo chugaibh ceathrar a bhí liom ó bhí muid lenar gcéile sa dara bliain i nGaelscoil Adhamhnáin. Tá grúpa againn anseo i nGaillimh ó shin, b'fhéidir ochtar dúinn, agus ba mhór an ábhar bróid dúinn ár ndaoine féin a fheiceáil lena gcéimeanna. Rinne Conchúir Ó Grubb céim sa Ghaeilge agus sa Tír Eolais, macasamhail Owen Lyons. Rinne Andrew Higgins céim sa Ghaeilge agus sa Stair (seans go raibh tionchar mór ag a sean-mhúinteoir air) agus rinne Colm Ó Fearraigh céim sa Stair agus sa tSocheolaíocht & Pholaitíocht. Is iadsan an chéad dream de chuid rang 09' Coláiste Ailigh atá céimeanna acu, agus cheap mé gur chóír nóta beag a scríobh futhu! (Dála an scéil, tá Owen ag leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge agus tá Máistreacht sa Nua-Ghaeilge idir lámha aige anseo in OÉ Gaillimh faoi láthair).

Ar aghaidh chuig scéal eile, maram go bhfuil rud éigin ar siúl i Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn? Os rud gurb é seo an chéad am dom a bheith ag an Oireachtas, táim ag súil go mór leis an chraic agus an chomhrá. Tá na sluaite le bheith i Leitir Ceanainn agus tá súil agam go bhfeicfidh mé thú ann, a chairde dílse!

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-53413746082258199402012-10-21T00:15:00.000+01:002012-10-21T00:15:09.653+01:00Measúnaithe mallaitheI ndiaidh measúnú leanúnach a chríochnú, aistriúchan 7 leathanach ar irisleabhar beag dúlra do phaistí. Ghlac an t-irisleabhar beag céanna tamall millteanach fada orm a dhéanamh, agus déarfainn nach bhfuil mórán maitheas ann go fóill. Is deacair an saothar an t-aistriúchán, ach sílim go bhfuilim ag teacht ar ghiota ag an am, ach an é aistriúchán an tslí beatha atá amach romham? Bheinn amhrasach go leor faoi dtaobh de.

Scéal eile, tá an tOireachtas ag teacht aníos agus ní fada anois go mbeidh sé sa mhullach orainn a chairde! Cha raibh mé ag aon Oireachtas go dtí seo (nach náireach an scéal?!) agus níl le cluinstin agam ach scéalta ar cé chomh sultmhar is atá sé! An cultúr agus an t-ól ag teacht le chéile i mbaile atá béal dorais liom, maram gur chóir dul!! Cé agaibh a bhéas ann?

Oíche Shathairn agus táim i mo shuí ag amharc ar The Good, the Bad and the Ugly, in ainneoin go bhfuil achan duine eile amuigh ag baint sult is spraoi as Cathair na Gaillimhe, ná habair liom gur shaol an mhadaidh bhig saol an mhic léinn!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-88946378169092015982012-10-13T14:52:00.002+01:002012-10-13T14:52:38.476+01:00Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na GaeilgeTá an Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, a bhí ar siúl in Áras na Gaeilge, OÉG, ag teacht chun críche inniu, agus caithfear a rá gur chaith mé dhá lá iontach pléisiúrtha i mórán de na daoine is léannta agus is eolaí araon, i dtaobh Litríocht agus Cultúr na Gaeilge sa lá atá inniú ann. I measc na haoi-chainteoirí sheas caint Antain Mac Lochlainn ar Eachtraí Eilíse (Alice in Wonderland), scéal atá dhá leagan Gaeilge eagsúla leis, agus labhair sé go ginearálta faoin chur chuige aistriúcháin atá in úsáíd ag formhór na haistritheoirí an lae inniu. Bhí caint thar a bheith suimiúil ag an tOllamh Greg Toner ar scéalta Rúraíochta agus ar fhearg Chú Chulainn! Táim ag súil go mór le léacht amháin eile, curtha i láthair ag Colm Mac Uiginn ar anailís modheolaíochta i mBéal Feirste agus i nGaeltachtaí Thír Chonaill. Fágaim slán libh tamall ar mhaithe leis an léacht chéanna a léitheoirí!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/13243338804504312656noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-76875551555272817782012-10-05T17:22:00.000+01:002012-10-05T17:23:55.613+01:00An Mhatamaitic sa SpórtTagann ceist chugam anois is arís a chairde, s'ea sin : Cén dóigh a thagann geallghlacadóirí ar a bhfigiúirí? Cén dóigh, mar shampla, a shocraíonn siad ar 1/2 mar sheans Manchester United agus iad ag imirt sa bhaile in éadan, abair, Stoke City, nó a leithéidí?

Tá an mhatamaitic in úsáid sa spórt acu, ag dreamanna ar nós anailíseoirí agus síceolaíthe spóirt go forleathan, ach go dtí le déanaí ba bheag an líon duine sa phobal a bhí teacht isteach aige / aici orthu. Táim ag léamh leabhar iontach suimiúil i láthair na huaire, dár tideal 'Soccernomics - Why England Loses, Why Germany and Brazil Win, and Why the US, Turkey, Australia, Japan - And Even Iraq - Are Destined to Become the Kings of the World's Most Popular Sport.' Stefan Szymanski (eacnamaí spóirt) agus Simon Kuper (iriseoir) a scríobh, agus déanann an leabhar cur síos ar rudaí a tharlaíonn i saol an tsacair go coitianta, mar shampla, theip an Shasana sna mór-chomórtais domhanda, an tuige a eiríonn níos fearr le daoine áirithe i gciceanna éirice, agus araile.

Is é an rud is suimiúla faoin leabhar seo ná an cur chuige atá ag na scríbhneoirí. Ní theastaíonn uatha an gnáth-léitheoir a chur ar stae le cothromóidí casta na matamaitice. Ní dhéanann siad mion-chur síos ar a bhfoirmlí, ach léiríonn siad an modh ginearálta agus, níos tábhachtaí, na toraidh as a gcuid oibre.

Agus nach suimiúil na torthaí céanna?! Thaispeánann sé na factóirí spóirt agus na factóirí socheolaíocha, mar shampla, nár bhain imreoirí gorma cothrom na féinne amach i dtéarmaí tuarastáil go dtí na 90ídí. Léiríonn sé an fáth a theipeann ar fhoirne i gcónaí mar ghnóthaí ach nach dtéann siad ó radharc go deo. Déanann an leabhar tagairt mór do leabhar eile a theastaíonn uaim a léamh fosta, s'ea sin 'Moneyball - The Art of Winning an Unfair Game' le Micheal Lewis. Rinneadh scannán as an leabhar seo le Brad Pitt mar Billy Beane, bainisteoir Oakland Athletics, foireann baseball sna Stáit Aontaithe. Bhí foireann Beane ag streacailt go mór i baseball mar gheall ar ghanntanas airgid, agus ní raibh siad ábalta dul in iomaíocht leis na foirne mór le rá, New York Yankees agus a leithéidí. Shocraigh Beane ar mhodh nua-aimseartha lena fhoireann a roghnú, ag baint úsáid as an mhatamaitic amháin agus gan aird a thabhairt do na modhanna traidisiúnta a bhí sa chluiche go dtí sin le himreoirí nua a mheas.

Pléann na leabhair seo, agus leabhair eile cosúil leo, ábhar an-shuimiúil faoi mhatamaitic sa spórt. Díríonn siad isteach ar na spóirt go fuarchúiseach agus scrúdaíonn siad na cúiseanna taobh thiar de rathúlacht foireann amháin agus theip foireann eile. B'fhiú iad a léamh sula dtéann sibh go hoifigí Paddypower nó Boylesports agus súil agaibh dornán airgid a bhuachan a chairde!

Moneyball - Michael Lewis

Soccernomics - Simon Kuper agus Stefan Szymanski

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0Shantalla, Co. Galway, Ireland53.2743493 -9.069445253.264854299999996 -9.0891862 53.2838443 -9.0497042tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-31650626249729019922012-09-28T13:49:00.002+01:002012-09-28T13:53:31.529+01:00Dá mBeinn in ann, Thógfainn Balla Thart ar Thír Chonaill!

Tá an éacht déanta ag fir Thír Chonaill agus Corn Mhic Uidhir ar ais 'na bhaile leo! Nach iontach an cluiche Dé Domhnaigh seo caite a léitheoirí? Bhí mé sa Chnoc taobh thiar den chúl agus nuair a phléasc eangach Mhaigh Eo sa chéad cúpla bomaite den chluiche, bhí a fhios ag dream na ngeansaithe buí go mbeidh an lá linn!

Chaith mé oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh sa phríomhchathair, i gcuideachta mo dhearthair Seán, a tháinig óna chathair oibre san Astráil, Melbourne, leis an chluiche a fheiceáil agus ní mór domh a rá gur bhain muid sult millteanach as an deireadh seachtaine chéanna! Fiú agus goimh ar na hoícheanta bhí deacair spiorad na gConallach (agus, dár ndóigh, na Connachtaigh a d'fhán ann oíche Dhomhnaigh fosta) a mhilleadh. Chaith muid agus móran eile oíche mhór óil agus cheoil ag raimhleáil thart ar na títhe óil, macasamhail Quinns agus The Big Tree agus na títhe tabhairne eile thart fán Staid Mór.

Ansin d'fhill mé ar an Luan agus chaith mé cúpla lá eile i nGaillimh ag déanamh mórtais fá cé chomh cróga agus chomh láidir agus chomh aclaí 's atá an fhoireann seo againne! Is mór an tsuailce domh go bhfuil Mac Uidhir ag teacht ar ais ó thuaidh, tá tuillte go maith ag Jim agus an fhoireann agus achan bhall eile a bhí bainte leo i mbliana, agus tá buíochas an chontae a ghabháil dóibh siúd.

Mar nóta deiridh, seo chugaibh leagan Gaeilge den amhrán cailiúil faoin laoch as na Gleannta! B'ábhar bród domh an t-amhrán fosta, sochair gurb as mo Alma Mater, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, a d'thainig sé, agus déarfainn go raibh lámh láidir ag Prionsias Mac a' Bhaird san aistriúchán!

Is as na Gleannta dó

Bhain sé go leor, ó

An oiread bonn aige

's bheadh ag fear as Meicseacó!

Bhuail muid Ciarraí, ó

Chloígh muid Doire ó

Bhuail muid achan duine

'thainig inár mbealach ó!

Ní ar an ghaineamh a thóg sé a theach

Tá plean aige ní rachaidh sé sa tseans

Ó Tá Jimí 'baint cluichí

Tá Jimí 'déanamh gnoithe

Tá Jimí ag tabhairt Sam

'rais go Dún na nGall aríst!

Seo chugaibh nasc an amhráin ar Youtube.

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/13243338804504312656noreply@blogger.com0Shantalla Rd, Galway, Co. Galway, Ireland53.273156493546779 -9.072840213775634853.271969493546777 -9.0753077137756346 53.27434349354678 -9.0703727137756349tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-36183093768224534762012-09-12T09:43:00.000+01:002012-09-12T09:43:51.906+01:00Nóta beag uaim Téarmaí gramadaí ar nós míreanna choibhneasta, aidiachtaí briathartha, dobhriathra ama, is a leithéidí, tá siad mo ghreannú ar maidin! Caithfear na rudaí seo a bheidh foghlamtha go mion agam roimh dheireadh na bliana, sa dóigh is go mbeinn ábalta tuisil agus cuspóirí agus na rudaí beaga bídeacha sa scríobh a aithint. Dár ndóigh, níl maitheas ar bith i dteangeolaí nach bhfuil a dteanga aige / aici ó bharr go bun.

Tá mise ag déanamh go bhfuil sé de nós ag teanga na Gaeilge an dallamullóg a chur orainn a chairde. Achan am a shíleann tú go bhfuil dul chun cinn déanta agat, agus go bhfuil tú ag dul chun tosaigh i gcúrsaí gramadaí, tiocfaidh rud in teacht aniar aduaidh ort a chuireann 'ar ais sa bhocsa' thú! Cogar, caithfidh mé imeacht agus saothar na mBráithre Críostaí a léamh, bí lá deas agaibh!

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/13243338804504312656noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-49796632043821462792012-09-08T01:02:00.000+01:002012-09-08T01:02:03.746+01:00Áras na Gaeilge - Gaeltacht i lár OÉG

Seo chugaibh Áras na Gaeilge, an Ghaeltacht bheag atá i gcroílár champas Ollscoil na Gaillimhe, agus an áit a bhéas mé ag caitheamh formhór mo chuid ama san Ollscoil i mbliana. Is aoibhinn liom an áit, na mic léinn, na léachtóirí, fiú an tae atá ar dhíol istigh sa bhialann siar ag cúl an fhoirgnimh. Thosaigh mé ar aist ag tús na seachtaine agus cuireadh smaointe an tsamhraidh agus an aimsir phleisiúrtha sna Stáit Aontaithe ar leataobh go sciobtha! Is deas an rud a bheith ar ais sa chathair, mholfainn go mór le héinne nach raibh i nGaillimh ariamh le cuairt a thabhairt uirthi más féidir, is áit bheag, ghalánta í! Agus, dár ndóigh, b'fhéidir go mbeidh muid ábalta comhrá a dhéanamh, mar is iomaí áit sa chathair ar féidir pionta 's seanchas a dhéanamh go deireadh na hoíche in amanna!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-85535618581783679462012-08-29T06:30:00.001+01:002012-08-29T06:30:26.261+01:00Wolfe Tones Chicago - Buaiteoirí Chraobh Sinsir ChicagoAr dtús báire, ba mhaith liom mo leithscéalta a ghabháil libh as ucht mo chuid falsachta, bhí mé iontach gnóthach i rith an tsamhraidh agus cha bhfuarthas an deis le roinnt blagála a dhéanamh. Táim beagnach réidh leis an tsamhradh is pleisiúrtha agus is siamsúla a bhí agam i mo shaol ghairid go dtí seo! Níchredim go bhfuil mo chuid ama i Chicago ag druidim chun deiridh ach leanann rotha mór an tsaoil ar aghaidh a chairde . . .

I rith mo chuid ama anseo bhí mé ag imirt le foireann peile. Mar a tharlaíonn rudaí, bhí an fhoireann seo iontach láidir, plódaithe le imreoirí óga fuinniúla cumasacha. Bhí an fhoireann peile seo, Wolfe Tones Chicago,  sa chluiche cheannais de chomórtas peile sinsir Chicago an tseachtain seo caite. Ba rogha na coitiantachta muid agus ba bheag iontas, bhí bua thar a bheith furasta againn sa chluiche. Mar a tharlaíonn in achan chluiche cheannais, bhí ceiliúradh mór againn in aghaidh na heachta a bhaint amach

Tá an fhoireann ag leanúint ar aghaidh go dtí Philidelphia anois don chluiche leathcheannais in éadan Ulster San Francisco. Ar an drochuair tá ormsa dul 'na bhaile ar mhaithe le tús a chur leis mo bhliain dheireanach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach go n-éirí leo! Mar a deirtear, 'H'on the Tones!'

An fhoireann iomlán, mise díreach sa lár ar chúl

Mise agus ár bhfathach lár páirce, Peadar Ó hAnluain

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0Oak Lawn, IL, USA41.7108662 -87.758108141.663451699999996 -87.8370721 41.7582807 -87.6791441tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-31930229176298152392012-06-28T04:08:00.002+01:002012-06-28T04:08:59.222+01:00Téann an t-am mar a bheadh práta i mbéal muice!Tá mí curtha isteach agam i gCathair Chicago anois agus is aoibhinn liom an áit. Tá an aimsir go deas suaimhneach te, tá na daoine iontach cineálta (agus na mná doighiúil go maith!) agus is annamh an teach tábhairne nach gcuirfidh deoch éigin blasta romhat.

D'fhán mé le teaghlach thíos ar dheisceart na cathrach ar feadh coicíse, muintir Uí Phaidín i gceantar Beverely. Tá aithne mhaith agam ar Jack os rud go raibh sé ag staidéar i nGaillimh, agus is lena theaghlach flaithiúil a d'fhán muid. Chan fhaca mé a leithéid ariamh i mo shaol de fháilte! Tugadh achan rud a raibh de dhíobháil domh, idir bhéilte, leapa agus chuidiú ar bith eile a bhí siad ábalta cuir ar fáil domh! Cha dtig liom buíochas mór go leor a chur ar fáil dóibh.

Táim ag stopadh anois sa Chathair ó Thuaidh, i gcuideachta beirt fhear ó Leitir Ceanainn agus fear Fanáide eile, nach beag an tsaol! Tá achan fhear faoin díon ag obair, agus is maith an rud sin, mar is mó an scolaire Éireannach amuigh ar J1 don tsamhradh nach bhfuair obair ar bith. Tá brú millteanach ar thíthíocht sa Chathair, sochair an oiread sin scolairí amuigh fosta, agus mar sin de is mór an t-ádh atá linn go bhfuair muid teach san áit ina bhfuil muid!

Leanfaidh mé ar aghaidh tamall eile a chairde, níl fágtha agam ach dhá mhí, agus táim ag iarraidh achan phíosa den Chathair iontach seo a bhlaiseadh! Slán go fóill!

Seo chugaibh an chomhlacht lena oibríonn mé, Seadog Chicago!

Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com2Chicago, IL, USA41.8781136 -87.629798241.6899716 -87.94565519999999 42.0662556 -87.3139412tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-74972168318871947492012-05-03T13:39:00.000+01:002012-05-03T22:03:14.793+01:00Achoimre ar an Bhliain

Agus mé ag éisteacht le
Barrscéalta ar maidin, áit a raibh muintir Chéim Aniar ag cur síos ar imeachtaí an Fhéile Náisiúnta, agus ar na héachtaí atá a dhéanamh acu i gceantar na nDúnaibh, bhuail fonn smaoinimh 's scríofa mé. Táim beagnach réidh leis an bhliain acadúla, níl fágtha ach 3 sliocht (c.600 focal) agus tuairisc bliana (c.3000 focal). Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar na rudaí atá foghlamtha agam le bliain anuas taobh istigh de limistéar 3000 focal a chairde!

Ar dtús báire ba mhaith liom buíochas mór ó chroí a ghabháil le Fíona Pasoma, Sally Mhic Ghallachóir, Prionsias 'Francie' Ó Cuilinn, Mícheal 'Barnie' Mac Giolla Bhríde, Peigí Ryder, Caoimhín Mac a Bhaird, Aodh Mac Laifeartaigh, Proinsí Mac Giolla Bhríde, John Rua agus achan duine eile, na seanfhondúirí agus na páistí araon, as ucht na tacaíochta agus an chomhluadair a thug siad domh i rith na bliana, chomh maith leis an oideachas, idir oideachas acadúil agus oideachas 'níos praiticiúla' a chur siad ar fáil domh!

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh, fosta, le buíochas a ghabháil le Seán 'Mór' Ó Daimhín in Oifigí an Chomhairle Contae, fear uasail a roinnt go flúirseach a chuid eolais agus tuairimí ar achan ghné den teanga agus den sochaí mór liom! B'fhéidir nach raibh mo chuid oibre ar chaighdeán fóirsteanach do i gcónaí ach achan am a raibh ceist agam do (agus is minic a raibh!) fá chúrsaí gramadaí d'fhreagair sé go stuama í.

Seán 'Mór' Ó Dáimhín - An tOifigeach Forbartha Gaeilge C.C.D.n.nG

Mícheál 'Barnie' Mac Giolla Bhríde agus John 'Frank' chun tosaigh, Peigi Ryder agus Francie Cullen chun deiridh.

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl sna Dúnaibh an tseachtain seo, agus táim ag súil go mór leis na drámaí agus na haisteoirí as achan chearn den tír a fheiceáil cruinnithe fán áit. Slán agaibh anois, caithfidh mé filleadh ar an tuairisc seo!
Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-38465730133714125692012-04-22T02:23:00.000+01:002012-04-22T02:24:34.016+01:00The Wheel of Time - 'Rotha an Ama'

Thosaigh mé ag léamh an sraith leabhair 'The Wheel of Time' le Robert Jordan (marbh anois, tá an sraith a chríochnú ag Brandon Sanderson) nuair a bhí mé 10 mbliana d'aois, más buan mo chuimhne. Mo dheartháir a tharraingt m'airde ar an chéad leabhar sa tsraith, 'The Eye of the World', leabhar as a bhain mé an-phléisiúr. Léigh mé an tsraith (13 leabhar san iomlán, beidh an leabhar deireanach, 'A Memory of Light', beidh sé foilsithe ag tús na bliana seo chugainn) ag an aois sin agus thaitin siad go mór liom, ach is ar na mallaibh, agus mé ag dul siar ar na leabhair, atá tuiscint mhaith ar théamaí na leabhar ag teacht chugam.

Is sraith fantaisíochta é, agus tá téamaí na fantaisíochta le feiceáil go soiléir ó thús deireadh na leabhar ; draíocht, cathanna móra, an iomrascáil shíoraí idir mhaith agus olc, agus araile. Is léir ón mhéid focail fosta go bhfuil plé déanta ar na sonraí is mine ar fad, macasamhail cur síos ar háiteanna, ar héadaí,ar dhaoine, déantar plé beacht ar achan ghné den saol sna leabhair. Seo rud atá bainte le stíl an údair, agus déantar gearán faoi go mion minic, ach cuireann an tréith seo go mór le saibhreas na leabhar, agus le cumas samhlaíochta an léitheora, i mo thuairim.

Tá líon mór daoine sna leabhair, ó na príomhcharactair mhóra go dtí na mioncharactair is bige, ach tá trí phríomhcharactar ann, atá mar chairde ag tús an scéil, s'iad sin Rand al'Thor, Matrim Cauthon agus Perrin Aybara. Leanann an scéal iad agus iad ag dul a dtreonna difriúla sa domhan mór, domhan gan ainm, ach tugann an lucht leanúnacha 'Randland' air. I dtéarmaí forbartha, chan fhaca mé a leithéid ariamh mar scéal, agus braitheann tú, mar léitheoir, go bhfuil tú páirteach leo sa turas mór a ghlacann siad agus iad ag fás aníos.

Tá mé ag fanacht go mífhoighneach ar an leabhar deireanach den sraith. Gan mórán a rá, tá deireadh mór i ndán do na carachtair agus táim in amhras fá an dtiocfaidh siad slán nó cad é atá le tarlú dóibh agus do na daoine eile thart orthu. Cha dtig scríobh fán sraith agus gan admháil go bhfuil cosúlachtaí móra aige leis an tsraith cailiúil le J.R.R Tolkien, ach leis an fhírinne a rá bainim níos mó sult astu nó mar a bhainim as 'The Lord of the Rings'. Molaim go mór d'éinne nach bhfuil leabhar idir lámh acu toiseacht ar an tsraith fantaisíochta iontach seo, agus dá dtosófá i mbliana bheifeá ré do chríoch an tsratha in Eanáir na bliana seo chugainn!

Dála an scéil, chím go bhfuil leathanach IMDB, an bunachar scannáin ar líne, chím go bhfuil leathanach ag an chéad leabhar sa tsraith, The Eye of the World, aige. Beidh sé iontach deacair an tsraith a chur ar an scáileán mór, ach tá sé soiléir go bhfuil sé so-dhéanta, rud atá soiléir ón rath atá ag an tsraith 'Crown of Thrones', ar na mallaibh. Guím gach rath orthu sa tionscadal sin!Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-23221976570661710952012-04-17T13:49:00.001+01:002012-04-17T15:43:11.544+01:00Cé an Chabhlaigh / Navy Pier

Níl fágtha anois ach os cionn mí go mbeidh mé amuigh mo ghrianadh fá Navy Pier i Chicago.

Tá an saol cruaidh a chairde, nach bhfuil? :)
Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-56274031202847046912012-04-10T14:35:00.000+01:002012-04-10T14:35:31.073+01:00Rabhadh na Céille'Coimhéad tú fhéin' a dúir' sé liom

'Tá na scamaill ag tarraingt le chéile'.

Bhi mise ag gabháil na sléibhte,

Ag cuardach na gcaorach.

'Bi do fhiúst' arsa mise go cancrach.

'Beidh mé ar aist fán am sin'.

Is mise ag gabháil na sléibhte

Ag cuardach na gcaorach

Tháinig mé 'na bhaile báite,

Oiread is caora chan fhaca',

'Tá tae sa phota' arsa m'athair go suaimhneach.Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-77779414418843138952012-04-06T13:07:00.001+01:002012-04-06T13:09:55.345+01:00Reiligiún na n-Ainmhithe

Níl mórán iomrá ar throscadh ó na cearca an Aoine Chéasta seo agus iad ar lorg na bpéisteanna sa pháirc ar chúl an tí!
Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com37Baile Mhícheáil, Tír Conaill55.267576336579658 -7.656956093994153955.263778836579661 -7.6656005939941538 55.271373836579656 -7.6483115939941539tag:blogger.com,1999:blog-2421257860788648249.post-68940698132369473632012-04-03T12:39:00.001+01:002012-04-03T12:40:19.961+01:00Deireadh ag teacht leis an tseimeastar!

Feathal Chéim Aniar

Feathal C.C. Dhún na nGall

Tá deireadh ag teacht leis mo chuid ama i gCéim Aniar sna Dúnaibh agus i gcuideachta Séan Ó Dáimhín in oifigí an Chomhairle Chontae i Leifear. A leithéid de bhliain a chairde! Nuair a thosaigh mé ar an sochrúchán oibre bhí dhá riachtanas uaim, is iad sin :

Cleachtadh foghraíochta, áit a raibh mé go mór chun cúil. Gan trácht ar chanúintí, cha raibh mé ábalta comhrá a dhéanamh a bhí so-thuigthe agus beacht. Go háirithe agus mé ag caint leis mo chomhghleacaithe sna ranganna agus sa bhaile, bhí sé soiléir domh go raibh anás foghraíochta ag cur isteach go mór ar thuiscint an éisteora, rud a chur leis mo fhrustrachas agus mo mhíshuaimhneas.

Stór focail níos leithne agus níos éifeachtaí a chur de ghlanmheabhair, sa dóigh is nach mbeidh mé ag streachailt i rith comhráite. Bhí sé de nós agam a bheith ag titim ar ais ar na focail bheaga agus na réimíreanna chéanna arís is arís eile, macasamhail 'an-mhaith / an-olc / an-deacair', rud a d'fhág abairtí loma, gonta gan aon eagsúlacht ná shuimiúlacht.

I rith na bliana, d'fhoghlaim mé giotaí beaga eile de réir a chéile. Rud amháin suntasach i mo chaint i láthair na huaire nó an oiread 'canúnachas' atá le cluinstin. Bhí mé ag cóisir ranga na Gaeilge i mBéar an Choláiste an tseachtain seo caite ag labhairt le daoine áirithe, léachtóirí ina measc, agus bhí siad d'aon intinn go dtáinig feabhas millteanach ar mo chumas Gaeilge phaiteanta, bheacht, thomhaiste a chur romham. Bhí seo ag teastáíl uaim mar aitheantas de shórt ar an obair dhíograiseach, dhícheallach atá cuirthe isteach agam le bliain anuas! Nílim críochnaithe go gceann trí seachtaine, ach déarfainn go bhfágfaidh na háiteanna oibre, agus, ar ndóigh, na daoine áirithe iontu, go bhfágfaidh siad 'stampa' do-fheiceálach orm, mar tá an mhéid atá foghlamtha agam, tá sé curtha go smior ionam. Cosúil leis an meafar iontach sin atá ag Ó Dáimhín, nuair a cheistnítear é faoi dhaoine a d'fhoghlaim an teanga ach a chaill arís í de bharr easpa cleachtaidh, deireann sé i gcónaí 'It's on the hard drive.' Tá mo chuid ceachtanna sáite san áit chéanna gan amhras a chairde!
Colm Mac Fhionnghailehttp://www.blogger.com/profile/14691004463272083438noreply@blogger.com0