Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-11-28

Moilleadóireacht i Lár na hOíche

Tarlaíonn rud aisteach faoi dhó achan bhliain, thart ar mhí na Nollag agus ag deireadh mhí Aibreáin. Cad a tharlaíonn sna míonna áirithe seo, a léitheoirí? Ar chúis éigin nach bhfuil míniú nádúrtha ar bith air, éirím i bhfad níos gnóthaí ar na meáin shóisialta, agus ar an Playstation lofa sa choirnéal, nó caithim níos mó ama ag ag scimeáil ar an idirlíon, nó ag dul ar thurais mhalla san oíche chuig an siopa . . .

Is dócha go bhfuil ceangal in teacht idir thitim táirgiúlachta s'agam agus na scrúthuithe a thiteann ag deireadh na seimeastar áirithe acadúla. Is é an focal moilleadóireacht (procrastination sa Bhéarla) an focal is coitianta faoi láthair le cur síos a dhéanamh ar an fheiniméan seo, nuair a thiontaíonn mic léinn agus scólairí ar na rudaí amaideacha is taitneamhaí leo le hiarracht a dhéanamh a gcuid stáidéir a chur 'ar an mhéar fhada' le linn na n-amanna is tábhachtaí san fheilire acadúla. Sroichim an pointe seo anois agus arís, agus táim ag an phas moille anois gan amhras! Táim ag tabhairt faoi aiste a bhfuil an-shuimiúil ar fad dom, An Scríbhneoir agus an Chathair i Nualíotríocht na Gaeilge, ach táim ag rómhar liom mar a bheadh bradán in aghaidh an damba, ag tóiseacht agus ag déanamh réidh le pé rud atá scríofa agam mar nár thaitin sí liom agus ag tóiseacht arís. Éirim cancrach de bharr an easpa dhul chun cinn, agus suím ar mo thóin mhór fhalsa os comhair na teilifíse, ag amharc ar The Weakest Link Ceist GAA le Hector, agus an seafóid eile a bhíonns ar siúl i rith an lae. Is mar sin a bhíonns mé ar feadh cúpla uair an chloig, go dtí go héiríonn an guth beag atá ag rámhóireacht leis i m'intinn agus scairteann sé orm 'ÉIRIGH IS DÉAN RUD IN TEACHT!'

Anois ar ais liom chun na haiste seo . . .

2012-11-17

Smaointe


Chím an leathanach mór bán seo os mo chomhair,
Agus glactha mo smaointe a chur ar an phár
Cad iad mo smaointe?
An bhfuilim ag smaoineamh i nGaeilge nó i mBéarla?
Cén fáth a bhfuilim ag smaoineamh i mBéarla?
Nach Gael mé?
Cad is Gael?

2012-11-14

An Fear Dána - Alan Titley

Bhí orm mar pháirt den chúrsa Úrscéalaíochta in OÉG an tÚrscéal An Fear Dána le hAlan Titley a léamh. Caithfidh mé cúpla rud a rá faoin leabhar.

Ar dtús báire, ba shoiléir dom agus mé ag léamh an leabhar go bhfuil mo leibhéal léamhthuisceana i bhfad níos laige ná mar a shíl mé. Nuair a thosaigh mé á léamh, bhí mé ag iarraidh an saibhreas a bhlaiseadh ina hiomlán, rud a d'fhág mo lámha bochta lag i ndiaidh dóibh achan chúpla focal a aimsiú in Ó Dónaill, agus an tuige cuí a fháil, agus b'fhéidir dá rithfeadh nath ón leabhar liom a chuaigh i bhfeidhm orm, go scríobhfainn ar an phár é. Lean an próiseas seo leis go deas socair ar feadh giota, ach de réir a chéile tháinig laghdú ar mo shuim san uile fhocal, agus san uile nath, siocair go bhfuil an leabhar plódaithe ó thús deiridh leo, agus na meafair fileata agus na nathanna saibhre agus na híomhanna iontachta uilig ag teacht i mullach a chéile. Shocraigh mé ar phlean eile sa deireadh, shocraigh mé ar an mhionscrúdú ar na habairtí uilig sa leabhar a chur ar leataobh, ach an scéal a thabhairt liom agus na focail chasta nár aithin mé a fhágáil i mo dhiaidh go dtí an t-am go mbeidh an deis agam filleadh orthu agus iad a shealbhú go hiomlán.

D'ardaigh seo ceisteanna ionam. Cad chuige nach bhfuil mé ábalta, agus mé i mbliain mo chéime, achan leabhar a léamh gan a bheith ag lorg na bhfoclóirí go mion minic. An é nach bhfuil mé cliste go leor leis an teanga chur faoi smacht? B'fhéidir, ach sílim nach mbeidh ach líon beag de Ghaeilgóirí na tíre seo ábalta an leabhar céanna a léamh gan deacrachtaí. Creidim sa mhéid sin siocair nár féidir liom an taobh eile den scéal a chreidiúint, nó cuirfidh sé in ísle brí mé.

Is aoibhinn liom an scéal. Tá cúrsaí staire na tréimhse chomh saibhir agus chomh cruinn is go ligeann sé don léitheoir a shamhlaíocht a scaoileadh amach. Tá an scéal bunaithe ar Mhuireadhach Ó Dálaigh, file mór le rá i saol na Gaeilge i bhfad siar, agus ní chreidim cé chomh éifeachtach agus atá an scéal inste ag Alan Titley. Nílim le haon chuid den phlota a nochtadh ach molaim go mór daoibh, a dhaoine uaisle, cóip den leabhar a fháil agus a léamh má tá an fáil agaibh a leithéid a dhéanamh. B'fhiú go mór é mar fhoinse Gaeilge d'ardchaighdeán agus mar fhoinse staire cruinne araon. Dár ndóigh, is féidir léirmheastóireachtaí i bhfad níos foirfe ná mo cheannsa a fháil ar-líne, ach cheap mé gur chóir dom píosa a scríobh air os rud gur dheachaigh an leabhar i bhfeidhm chomh mór sin orm!

2012-11-06

Leitir Ceanainn agus Cabaret na Craice!

Táim ar ais i nGaillimh agus ag tabhairt faoi mo chuid staidéir arís i ndiaidh an Satharn seo caite a chaitheamh i Leitir Ceanainn ag Oireachtas na Samhna, 2012. Faraor, ní bhfuair mé mórán deiseanna na himeachtaí a bhlaiseadh, taobh amuigh de bheagán sceitse 's agallaimh bheirte. Bhí giota oibre i bhfoirm agallaimh le déanamh agam, agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le buíochas mór a thabhairt do Mise Áine a bhí thar a bheith sásta casadh liom in Óstán Mount Errigal agus a tuairimíocht láidir, suimiúil a nochtadh ar bhlagáil na Gaeilge. Thug sí lón machnaimh dom le linn ár gcomhrá beag agus is iontach an cuidiú agus an chuideachta i gcoitinne í!

Thug mé féin agus cúpla cara liom aghaidh ar an Chabaret Chraiceáilte in Óstán Clanree oíche Shathairn seo caite. A leithéid d'fhuinneamh! Is duine mé atá cúpla ceolchoirm freastalta agam le blianta anuas agus caithfidh mé a rá, in ainneoin nach raibh aithne agam ar éinne de na bannaí éagsúla a bhí ar an stáitse, gur bhain mé sult millteanach as an cheol a bhí curtha i latháir ag fear an tí, Rónán Mac Aodha Bhuí. Bhí idir óg is aosta i latháir, ach bhí formhór an tslua ann ar chomhaois liom. Tá éachtaí móra  gnóthaithe ag an láithreoir Raidió na Gaeltachta ó chuir sé tús leis an Chabaret Craiceáilte, agus is iontach an rud dea-thorthaí a tsaothair a fheiceáíl ón méid daoine óga a tharraing ar an Chabaret Craiceáilte an deireadh seachtaine seo caite. Chaith mé an oíche ag rince liom lár an urláir agus ag dul in aithne leis na réabhairí mire timpeall orm (macasamhail mé féin, is dócha!).

Tharraing mé ar fhear an tí i rith na hoíche agus chuir aithne air, agus caithfidh mé a rá gur scoth na bhfear é, sásta seanchas a dhéanamh liom fiú agus é ag reáchtáil na hócáide. Tá súil agam nár chuir mé isteach go ró-mhór air!

Sin chugat mo chéad turas chuig an Oireachtas, agus chéana féin táim ag súil go mór le Cill Áirne i mbliana agus go mbeidh mé in ann na cairde atá déanta agam a fheiceáil arís!