Bhí an lámh in uachtar againn thar lucht na nGall sa rugbaí arís cúpla lá ó shin. Nach iontach an radharc é! Nuair atá Éire ag imirt in aon chluiche ar chor ar bith, idir peil, rugbaí, fiú amháin sa chruicéad (!) tá an cuma ar an scéal go mbíonn achan duine ag féachaint orthu (Figiúirí RTÉ) mar spreagann ár laochra misneach agus bród ionainn, agus tá siad sin de dhith go práinneach na laethanta seo gan amhras! Ach, fiú sa aeráid ghruama seo, is fearr an tsláinte ná na táinte. Athróidh dán na tíre agus tiocfaidh feabhas ar chúrsaí gheilleagair roimh i bhfad, agus giorann cluichí cosúil leis an chluiche seo an bhóthair!
Focal beag ar thragóid na Seapáine : Áilim suaimhneas síoraí ar anamacha na ndaoine a chaill a saolta sa tubaiste nádúrtha a dheachaigh tír na Seapáine, tá súil agam go dtiocfaidh an tír slán roimh i bhfad. Cuireann anachana mar seo peirspictíocht ar fáil dúinn ar fad . . .
@ 'tá súil agam go dtiocfaidh an tír slán roimh i bhfad.'
ReplyDeleteÁiméan, a chara.