I rith mo chuid ama anseo bhí mé ag imirt le foireann peile. Mar a tharlaíonn rudaí, bhí an fhoireann seo iontach láidir, plódaithe le imreoirí óga fuinniúla cumasacha. Bhí an fhoireann peile seo, Wolfe Tones Chicago, sa chluiche cheannais de chomórtas peile sinsir Chicago an tseachtain seo caite. Ba rogha na coitiantachta muid agus ba bheag iontas, bhí bua thar a bheith furasta againn sa chluiche. Mar a tharlaíonn in achan chluiche cheannais, bhí ceiliúradh mór againn in aghaidh na heachta a bhaint amach
Tá an fhoireann ag leanúint ar aghaidh go dtí Philidelphia anois don chluiche leathcheannais in éadan Ulster San Francisco. Ar an drochuair tá ormsa dul 'na bhaile ar mhaithe le tús a chur leis mo bhliain dheireanach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach go n-éirí leo! Mar a deirtear, 'H'on the Tones!'
An fhoireann iomlán, mise díreach sa lár ar chúl |
Mise agus ár bhfathach lár páirce, Peadar Ó hAnluain |
No comments:
Post a Comment