Mar a hinsíonn tideal an tsleachta seo daoibh, táim ag iarraidh bhur smaointe a fhoghlaim maidir leis an cheist, an fiú teanga gan traidisiún? Rugadh is tógadh mé i mbreac-Ghaeltacht i dtuaisceart Dhún na nGall, áit ar a dtugtar Fanáid (http://ga.wikipedia.org/wiki/F%C3%A1naid – táim buartha as ucht an chaighdeáin dhona atá sa ghiota seo!) Tá daoine ann, is sampla maith í mo mháthair, a rugadh is a thógadh nuair a bhí cúrsaí i bhfad níos sláintiúla i dtaobh na Gaeilge de. De bharr seo, táim ag déanamh, tá saibhreas agus cruinneas aici nach mbeadh go deo agamsa. Cuireann seo isteach go mór ormsa. Tuigim gur fear óg mé ach mar sin féin, níl na deiseanna chéanna agamsa a bhí aici is í ag fás aníos. De bharr easpa cainteoirí áitiúla, tá orainne, daoine óga an cheantair, ár stór Gaeilge a tharraing ó leabhair seanaimseartha na gConallach. Anuas ar seo, dá smaoineofá níos doimhne ar an scéal, dá thógfainn clainne, cad iad na deiseanna a bheas acu?
Colm
Tá an scéal amhlaidh in achan áit, a Choilm. An tseanGhaeilge a bhí ann, tá sí imithe. Is faoina daoine óga a bheith ag iarraidh an teanga a mhúnlú agus a chur in oiriúint dóíbh féin.
ReplyDeleteNí aithneofá Séamas Ó Grianna cuid mhaith de Ghaeilge an lae inniu, ach fós is Gaeilge í agus is mór an méid sin!
@ 'Is faoina daoine óga a bheith ag iarraidh an teanga a mhúnlú agus a chur in oiriúint dóíbh féin.'
ReplyDeleteAontaím!
Breathnaigh ar an mBéarla - níl daoine ag dul thart ag labhairt Béarla mar a bhíodh Shakespeare á labhairt fadó, mar shampla, ach tá an Béarla fós á labhairt, ar bhealach éagsúil, ach ar bhealach atá oiriúnach don lae inniu.
Bíonn teanga bheo de shíor ag athrú, ach, ar a laghad, tá sí beo...;-)