Bhí léacht an-shuimiúil agam ar maidin, a bhain le cúrsaí teangacha. Dúirt mo dhuine linne, dé réir na staitisticí, nach mbeadh ach 10% de na teangacha atá in úsáid faoi láthair ann sa chéad seo romhainn. Nach iontach an staitistic í sin? Dar leis tá ár dteanga féin fós i mbarr na sláinte sa chomhthéacs sin, agus tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige.
BEIRT FEAR NUA AR WEARSIDE!
Cheannaigh SAFC cúpla fir nua sa mhargadh is deanaí a raibh ann i rith an Eanáir agus tá sceitimíní orm faoin fear seo, Stéphane Sessegnon. Sílim go bhfuil seans iontach againn áit Eorpach a bhaint amach i mbliana agus, anuas ar sin, dá chríochnódh siad os cionn foireann an Learphoill, bheadh ar Eoghan Ó Laighin €10 a thabhairt domh.Go n-éirí libh, cait dubha!
No comments:
Post a Comment