Mar is eol d'achan duine anois, de bharr na meán cumarsáide ar fad, theastaíonn ó lucht na Léinte Gorma ábhar roghnach a dheánamh den Ghaeilge .Tá an chuma ar an scéal go mbeadh Enda agus a chomhluadar mar cheannairí na tíre tar éis an toghcháin seo romhainn. Má theastaíonn libh bhur vóta a chaitheamh in éadan an ionsaithe ghránna seo, impím uaibh dul chuig an suíomh idirlín seo (Vóta) agus lean na treoracha luaite. Go pearsanta, sílim má bhfaigheann siad cead a gcinn, agus má scriosadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach, go mbeadh céim chinniúnach chun cúl glactha againne, céim mhór a dheánfaidh dochar anchúinseach sa todhchaí amach anseo. Tá na pointí is fearr, dar liomsa, luaite ag léachtóir s'agam, Gearóid Denvir.
- Croí-ábhar d’aon Éireannach í an Ghaeilge – ar chúiseanna oideachais, cultúrtha, oidhreachta srl
- Baineann sí lenár sainiúlacht, ár bhféiniúlacht féin
- Ba cheart do gach aon scoláire í a dhéanamh go leibhéal na hArdteiste – an Ghaeilge le béim ar an teanga bheo chumarsáide mar atá sa siollabas nua
- Ba cheart go mbeadh ábhar eile ann san Ardteist freisin – “Saíocht agus Cultúr na Gaeilge” – do dhaoine ardchumasacha le suim ar leith sa Ghaeilge – mar atá Matamataic Fheidhmeach sa bhreis ar Mhatamataic faoi láthair
- Tá taithí againn ó Shasana (agus ó thíortha eile) go n-éiríonn daoine óga as staidéar ar theangacha má bhíonn na teangacha sin roghnach – agus bíonn scoláirí 15 bliana ró-óg le rogha cheart thuisceanach a dhéanamh
- Chuir rialtas a raibh Fine Gael páirteach ann deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státsheirbhís i 1974. Cén toradh a bhí air sin? Níl ach 1% den státsheirbhís in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge anois do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
- Dhéanfadh an cinneadh sin dochar ollmhór d’eacnamaíocht na Gaeltachta.
Ar an drochuair, nílim in ann díospóireacht na gceannairí atá ar siúl ar TG4 anocht(16ú) a fheiceáil ach táím ag ceapadh go mbeadh Enda Kenny faoi bhrú i dtaobh an pholasaí choinspóidigh seo! Cad é bhur mbarúil ar an ábhar?
No comments:
Post a Comment