Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-12-01

Ceist na gCanúintí agus an nGaeilge Bheacht

Cuireann tú aithne ar an-chuid cainteoirí Gaeilge agus tú i mbun céime, feictear dom. Tá aithne mhaith agam ar Ghaeilgeoirí atá scaipthe ar fud ár n-oileáin bhig, agus fiú ar dhaoine atá tagtha go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, ó áiteanna chomh fada i gcéin le Bostún sna Stáit Aontaithe, mar shampla. Is minic ama gur iontach na cainteoirí iad siúd nár tógadh sna ceantair thraidisiúnta Gaeilge is láidre - Gaeltachtaí catagóir 'A' sa lá atá inniu ann, is dócha  - ó thaobh shoiléireacht na Gaeilge de. Dá mbeinn dalba agus céim níos faide a ghlacadh, is minic feictear dom go bhfuil Gaeilge níos sothuigthe acu siúd nár rugadh sna ceantair Ghaeltachta ná mar atá acu siúd a dtógadh i nGaoth Dobhair, i gConamara, i Múscraí agus araile.

Ba mhinic sna blianta beaga seo a chuaigh thart gur mhothaigh mé náire éigin mar Ghaeilgeoir breac-Gaeltachta. Shíl mé i gcónaí, siocair go bhfuil Gaeilge líofa ag mo mháthair, ag aintíní agus ag uncailí áirithe, gur chóir Gaeilge nádúrtha, líofa Gaeltachta den chéad scoth a bheith agam (ábhar atá pléite agam cheana). Mhothaigh mé gurbh oidhreacht ár dteaghlaigh í agus go raibh mé ag briseadh an tsnátha stairiúla sin a bhí agam le sinsear m'fhola de bharr nach raibh scoth na Gaeilge agam. Is dócha gur mheon ardnósach é ar bhealach an smaoineamh seo a bhí agam gur chóir go mbeidh Gaeilge d'ardchaighdeán ionam os rud gur labhair mo mhuintir í sna glúine a tháinig romham. Táim giota (giota beag, dar ndóigh!) níos eolaí ar an ábhar anois, agus tuigim nár féidir aon rud a chur go hiomlán faoi smacht gan obair chrua, dhúshlánach a dhéanamh ar a shon. Níor sheas sac folamh go dtí seo agus níorbh fhoghlaim éinne teanga gan obair ach oiread.

Tá méid mór daoine ag déanamh céimeanna áirithe le Gaeilge in OÉ Gaillimh. Is as ceantair Ghaeltachta cuid acu, ach is as achan áit eile (tá fuath agam ar an bhfocal Galltacht) formhór na gcéimithe. Os rud gurb as Tír Chonaill mé, agus go bhfuilim i nGaillimh, tá aithne réasúnta agam ar dhá cheann de na mór-chanúintí Gaeilge. D'fhoghlaim formhór na gcéimithe a gcuid Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus caithfidh mé a rá, i mo thuairim phearsanta féin amháin, go bhfuil sé níos fusa a bheith ag labhairt leo in amanna nó mar atá le cainteoirí Gaeilge na nGaeltachtaí áirithe atá luaite agam. Cheap mé i gcónaí go raibh tús áite ag foclóireacht ar fhuaimniú teanga i dtaobh cumarsáide de, ach measaim anois nach raibh an ceart agam ar chor ar bith. Thug eachtra amháin a tharla le déanaí le fios go soiléir dom cé chomh mór agus chomh neamhphraiticiúil agus atá an fhadhb seo . Bhí mé ag déanamh comhrá le fear Gaeltachta agus, siocair go raibh deacrachtaí agam á thuiscint, agus go raibh deacrachtaí aige mo thuiscint, thiontaigh muid go Béarla go nádúrtha le linn ár gcomhrá. Tharraing Gaeilgeoir eile a fhad linn, nach as ceantar Gaeltachta dó, agus thiontaigh an comhrá ar ais go Gaeilge arís. Seo muid ag labhairt linn, deacrachtaí agam mo dhuine a thuiscint, deacrachtaí aige mise a thuiscint, agus an fear eile compordach an péire againn a thuiscint agus, dar ndóigh, muid ábalta achan focal uaidh a thuiscint gan stró.

Tá seo feicthe agam go mion minic le linn mo chuid ama i nGaillimh. Teipeann ar chomhráite idir chainteoirí Gaeltachta éagsúla mar gheall ar easpa tuisceana ach ní theipeann riamh ar chomhrá idir Ghaeilgeoirí nárbh as an nGaeltacht iad agus dhaoine Gaeltachta. D'fhreastail mé ar cur i láthair a rinne Colm Mac Uiginn ag An Chomhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge ar an ábhar seo. Tá tionscadal ar siúl aige ina bhfuil meascán de chainteoirí Gaoth Dobhair agus cainteoirí Béal Feirste agus tá sé ag déanamh anailíse ar ghnéithe difriúla cainte atá ag teacht chun cinn le linn a gcuid comhráite. Sílim go mbeidh torthaí an taighde sin iontach suimiúil.

B'aoibhinn liom bhur dtuairimí a phlé ar an ábhar seo. Ná bí aon drogall oraibh teacht salach ar an méid atá ráite agam ach oiread!

8 comments:

  1. Pointí spéisiúla, cinnte.

    Sílim go gcaithfear réimse cainte a chuir san áireamh freisin. Mar shampla, Béarla an teanga gnó idirnáisiúnta; ach is fearr a éiríonn le foghlaimeoirí Béarla ag caint le chéile; bíonn míthuiscintí ann idir cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí (fiú cinn líofa) agus scaití idir Bhéarlóirí ó dhúchais ó ceantair nó tíortha éagsúla!

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart agat go pointe sílim ach mar sin tá na deacrachtaí atá faoi chaibidil agat, tá siad mar gheall ar chanúnachais na dtíortha éagsúla don chuid is mó. Sa chás seo tá formhór na nuachainteoirí ag teacht as Éirinn, agus níl mórán de dhífriocht inár n-aiceann. Iad siúd atá ag foghlaim na teanga thar sáile, tá siad ag foghlaim ó ábhair a dtáinig as Éirinn, don chuid is mó

    ReplyDelete
  3. A Coilm, a chara,

    Aiste suimiúil, go raibh maith agat.

    Chaith mé fhéin cáil mhaith de mo shaolsa ag foghlaim na Gaeilge agus é ar intinn agam a bheith ábalta labhairt mar a bheadh cainteoir dúchais ionam agus chun a bheith ábalta Gaeilg an Dúin a labhairt.

    Ní dóigh liom go bhfuil an turas foghlamtha sin thart go fóill ach ar bhealach, tá brón orm gur roghnaigh mé an cur chuige seo agus is féidir gur chuir mé amú mo chuid ama.

    Is cinnte gur féidir liom Gaeilg Oirialla a labhairt ach cha dtuigeann ach triúir / ceathrar eile caidé atá á rá agam.

    Da mbeadh an dara dheis agam, dhíreoinn isteach ar an ghramadach chaighdeánach agus ar 'ArdGhaeilge' na nOllscoileanna.

    Sin an Ghaeilge is úsáidí agus sin an Ghaeilge a bhfuil meas ag daoine uirthi.

    le meas

    Ciarán Dunbar

    ReplyDelete
  4. A Choilm,
    An tè nach dtuigeann cainteoir dùchais, caithfidh nach bhfuil sè eolach go leor ar an teangaidh. Tà mè buartha ach nuair nach dtuigim fèin Bèarlòir dùchais (nì Bèarlòir dùchais mise), cha sìlim go deo gurb è a labhras go holc, ach tuigim ansin go bhfuil tilleadh rudaì le foghlaim agam. Cad chuighe nach mbeadh sè fìor leis an Ghaeilg fosta? An bhfuil tù ròmhòirèiseach le haidmheàil go bhfuil rudaì le foghlaim agad go fòill?

    ReplyDelete
    Replies
    1. A dhuine uasail,

      Ní dheárfainn riamh gur duine móiréiseach mé, agus tuigim go maith gurb é tuige m'easpa tuisceana féin cainteoir dúchais nárbh as mo cheantar féin a thuiscint go minic, ach is é mo phointe anseo go díreach go bhfuil sé i bhfad níos fusa domsa in amanna cainteoir Gaeilge T2 a thuiscint. Mar mhór-phointe, más féidir duine nárbh as an nGaeltacht a thuiscint níos fearr, cad a deireann sin faoi staid Ghaeilge na nGaeltachta ina iomláine?

      Delete
    2. Chuige sin a bhí mise i mo thagairt thuas: Nuair a bhíonn cainteoirí dúchais teanga ar bith ag caint le cainteoirí dúchais eile bíonn réimse níos saibhre nathaíochta, gramadaí, agus go hiondúil luas níos gasta i gceist lena gcuid cainte.

      Nuair a bhíonn foghlaimeoir sa chomhluadar bíonn réimse níos teoranta cainte i gceist.

      Gnáth rud é seo: nuair a bhuaileann, abair fear as an Freaslainn le fear an an mBaváir le chéile, ní a dteanga baile a bhíonn in úsáid ag ceachtar acu! (Agus is mó go mór na difríochtaí san dá chanúint ná idir aon dá chanúint Gaeilge, Gaeilge na hAlbain san áireamh)

      Delete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Ná déantar dearmad air go bhfuil maolaithe go mór ar na difríochtaí idir na canúintí sna mórtheangacha ó tháinig an teilifís ar an bhfód go forleathan thart ar leathchéad bliain ó shin agus gurb é sin an fáth nach mbíonn deacrachtaí tuisceana ró-mhóra idir na daoine sna teangacha sin sa lá inniu. Thairis sin baineann lucht teilifíse úsáid as leagan cainte oschanúnach a ndéantar aithris air i measc an phobail, rud a chruthaíonn, de réir a chéile, leagan cainte coiteann.

    Ní mór cuimheamh air, mar sin, nach dtuigeadh na seandaoine go minic - iad siúd a d'fhás aníos roimh theacht na teilifídse - a raibh á rá ag turasóirí as Londain nó ón Astráil, mar shampla.

    Agus mar a scríobh Aonghus, is minic nach dtuigeann duine ó thuaisceart na Gearmáine canúintí láidre an deiscirt.

    Is féidir ró-bhéim a leagan ar an gceist sa Ghaelainn, dar liom.

    ReplyDelete