Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-12-31

Deireadh na Bliana 2012

Agus tús a chur le bliain nua, táim ag caitheamh súl ar a tharla i 2012 agus níl aon chuimhne amháin a bhrúnn chun tosaigh mar a dhéanann Cluiche Ceannais na hÉireann 2012, áit ar thóg Dún na nGall Corn Mhic Uidhir don dara uair. Bhí mé i mo sheasamh ar an Chnoc agus radharc iontach agam ar a tharla sa tríú nóiméad nuair a tharraing Michael Murphy liathróid ón spéir sula chur sé go cúl é le cic millteanach cumhachtach. Cic mór a bhí ann a shocraigh an cluiche sula thosaigh sé i ndáiríre, ach dár ndóigh, níl locht agam ar sin!

Níor féidir dearmad a dhéanamh de na suáilcí a bhí agam i rith an tsamhraidh fosta agus mé thall i gCathair Chicago ar J1. Chuir mo phost, an ghrian, agus mo chairde go mór le samhradh iontach. Glactha rá fosta gur fhág mé Chicago mar pháirt (fíor-bheag!) d'fhoireann Wolfe Tones a bhuaigh Corn Sinsir Peile na Cathrach. Bhain mé an-sult as mo chuid ama le Céim Aniar na nDúnaibh agus Seán Mór i gComhairle Chontae Dhún na nGall fosta. Táim buíoch as ucht na cairde nua atá déanta agam agus na seanchairde atá chomh mór liom anois agus a bhí ariamh.

Táim ag súil go mór leis na dúshláin atá amach romham i 2013. Táim i mbliain mo chéime agus cheana féin táim ag díriú ar ghrád a ligean domh céim máistreachta a dhéanamh i mbliana. Mura éiríonn liom, níl a fhios agam cad atá i ndán domh amach anseo, ach táim lán-cinnte go n-éireoidh go breá liom ar an chúrsa, mar atá ag éirigh liom go dtí seo.

Tiocfaidh rudaí iontacha ón bhliain úr, táim lán muiníne den mhéid sin! (Agus tá Máirt Thír Chonaill, 2013 ag druidim linn fosta ;) )

Athbhliain faoi mhaise daoibh a chairde!

Colm

2012-12-01

Ceist na gCanúintí agus an nGaeilge Bheacht

Cuireann tú aithne ar an-chuid cainteoirí Gaeilge agus tú i mbun céime, feictear dom. Tá aithne mhaith agam ar Ghaeilgeoirí atá scaipthe ar fud ár n-oileáin bhig, agus fiú ar dhaoine atá tagtha go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, ó áiteanna chomh fada i gcéin le Bostún sna Stáit Aontaithe, mar shampla. Is minic ama gur iontach na cainteoirí iad siúd nár tógadh sna ceantair thraidisiúnta Gaeilge is láidre - Gaeltachtaí catagóir 'A' sa lá atá inniu ann, is dócha  - ó thaobh shoiléireacht na Gaeilge de. Dá mbeinn dalba agus céim níos faide a ghlacadh, is minic feictear dom go bhfuil Gaeilge níos sothuigthe acu siúd nár rugadh sna ceantair Ghaeltachta ná mar atá acu siúd a dtógadh i nGaoth Dobhair, i gConamara, i Múscraí agus araile.

Ba mhinic sna blianta beaga seo a chuaigh thart gur mhothaigh mé náire éigin mar Ghaeilgeoir breac-Gaeltachta. Shíl mé i gcónaí, siocair go bhfuil Gaeilge líofa ag mo mháthair, ag aintíní agus ag uncailí áirithe, gur chóir Gaeilge nádúrtha, líofa Gaeltachta den chéad scoth a bheith agam (ábhar atá pléite agam cheana). Mhothaigh mé gurbh oidhreacht ár dteaghlaigh í agus go raibh mé ag briseadh an tsnátha stairiúla sin a bhí agam le sinsear m'fhola de bharr nach raibh scoth na Gaeilge agam. Is dócha gur mheon ardnósach é ar bhealach an smaoineamh seo a bhí agam gur chóir go mbeidh Gaeilge d'ardchaighdeán ionam os rud gur labhair mo mhuintir í sna glúine a tháinig romham. Táim giota (giota beag, dar ndóigh!) níos eolaí ar an ábhar anois, agus tuigim nár féidir aon rud a chur go hiomlán faoi smacht gan obair chrua, dhúshlánach a dhéanamh ar a shon. Níor sheas sac folamh go dtí seo agus níorbh fhoghlaim éinne teanga gan obair ach oiread.

Tá méid mór daoine ag déanamh céimeanna áirithe le Gaeilge in OÉ Gaillimh. Is as ceantair Ghaeltachta cuid acu, ach is as achan áit eile (tá fuath agam ar an bhfocal Galltacht) formhór na gcéimithe. Os rud gurb as Tír Chonaill mé, agus go bhfuilim i nGaillimh, tá aithne réasúnta agam ar dhá cheann de na mór-chanúintí Gaeilge. D'fhoghlaim formhór na gcéimithe a gcuid Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus caithfidh mé a rá, i mo thuairim phearsanta féin amháin, go bhfuil sé níos fusa a bheith ag labhairt leo in amanna nó mar atá le cainteoirí Gaeilge na nGaeltachtaí áirithe atá luaite agam. Cheap mé i gcónaí go raibh tús áite ag foclóireacht ar fhuaimniú teanga i dtaobh cumarsáide de, ach measaim anois nach raibh an ceart agam ar chor ar bith. Thug eachtra amháin a tharla le déanaí le fios go soiléir dom cé chomh mór agus chomh neamhphraiticiúil agus atá an fhadhb seo . Bhí mé ag déanamh comhrá le fear Gaeltachta agus, siocair go raibh deacrachtaí agam á thuiscint, agus go raibh deacrachtaí aige mo thuiscint, thiontaigh muid go Béarla go nádúrtha le linn ár gcomhrá. Tharraing Gaeilgeoir eile a fhad linn, nach as ceantar Gaeltachta dó, agus thiontaigh an comhrá ar ais go Gaeilge arís. Seo muid ag labhairt linn, deacrachtaí agam mo dhuine a thuiscint, deacrachtaí aige mise a thuiscint, agus an fear eile compordach an péire againn a thuiscint agus, dar ndóigh, muid ábalta achan focal uaidh a thuiscint gan stró.

Tá seo feicthe agam go mion minic le linn mo chuid ama i nGaillimh. Teipeann ar chomhráite idir chainteoirí Gaeltachta éagsúla mar gheall ar easpa tuisceana ach ní theipeann riamh ar chomhrá idir Ghaeilgeoirí nárbh as an nGaeltacht iad agus dhaoine Gaeltachta. D'fhreastail mé ar cur i láthair a rinne Colm Mac Uiginn ag An Chomhdháil ar Litríocht agus Chultúr na Gaeilge ar an ábhar seo. Tá tionscadal ar siúl aige ina bhfuil meascán de chainteoirí Gaoth Dobhair agus cainteoirí Béal Feirste agus tá sé ag déanamh anailíse ar ghnéithe difriúla cainte atá ag teacht chun cinn le linn a gcuid comhráite. Sílim go mbeidh torthaí an taighde sin iontach suimiúil.

B'aoibhinn liom bhur dtuairimí a phlé ar an ábhar seo. Ná bí aon drogall oraibh teacht salach ar an méid atá ráite agam ach oiread!