Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-04-02

Sa tóir ar m'athair mór

Á! Táim beagnach leathbhealach ar bhóthar láncháilithe an aistritheora a léitheoirí. Nach iontach an smaoineamh é sin? Níl a fhios agam céard a dhéanfas mé amach anseo ar chor ar bith, go dtí seo bhí mé breáshásta lean ar aghaidh le meon na páistiúlachta, anois táim ag gearradh an chosáin fóstaíochta agus táim fós imníoch faoi litriú agus struchtúr abairtí agus rudaí eile amaideacha agus níl a fhios agam cén dóigh leis mo smaointe a chur ar an phár mar is gceart. Cibé, nuacht níos dearfaí, d'iarraidh liom mo theaghlach a aimsiú ar an daonáireamh Mac Fhionnghaile, is suíomh fíorshuimiúil é an suíomh chéanna, leargás beag ar an saol fadó, Molaim go mór daoibh, a léitheoirí, leas a bhaint den uirlis stairiúil seo, Dul sa tóir ar do chlannsa! :)

3 comments:

  1. Tá a fhios agam cá bhfuil mo chlann, ach nílim cinnte cá bhfuil an mhuintir uilig a chuaigh romham, cé go bhfuil jab maith déanta ag deirfiúr liom ar an ábhar thar na blianta.

    @ táim fós imníoch faoi litriú agus struchtúr abairtí agus rudaí eile amaideacha

    Mo mholadh - scaoil leis an imní! :-)

    ReplyDelete
  2. Is deacair an rud é do mhuintir a lorg táim ag déanamh,déanfaidh mé níos mó taighde sa dán air, cá fhad siar sa stair a chuaigh tú go dtí seo? a FB cara! :)

    ReplyDelete