Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2011-09-19

Cúrsaí Gramadaí

Tá mo ghramadach ag cur imní orm arís na laethanta seo. Sílim go bhfuil sí ag dul i dtreo an olcais. Rinne mé leabhar mo sheanléachtóra, Nollaig Mac Congail, Leabhar Gramadaí Gaeilge, a cheannach ar-líne an seachtain seo a chuaigh thart. Tá súil agam go mbeadh seo mar chuidiú agam

1 comment:

  1. Ná bí buartha, a chara, táimse fós ag foghlaim, agus táim den bharúil go mbeidh mé ag foghlaim go brách!

    Cuidíonn sé liom go bhfuilim ag scríobh go rialta, mar tugann sé deis dom mo bhotúin a fheiceáil, agus iad a cheartú, nó iad a fhiosrú, mura bhfuilim cinnte faoin riail a bhaineann leo.

    Go n-éirí leat, agus ná lig do d'imní na blagmhíreanna uait a stopadh..:-)

    ReplyDelete