Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-01-31

Nóta Beag Asam Inniu

Lá iontach anseo i dTír Chonaill a léitheoirí! Táim ag amharc amach an fhuinneog anonn ar ché na nDúnaibh ar maidin agus b’aoibhinn liom a bheith taobh amuigh agus grianadh maith a thabhairt domh fhéin! 

Ó thús na bliana tá mé ag déanamh iarracht mhór teacht ar mo shláinte arís. Mar is gnáth, thréig mé mo chorpacmhainneacht i rith an Gheimhridh, tá cúrsaí sóisialta agus cúrsaí óil i bhfad níos tábhachtaí ar an duine nó a bheith amuigh ag rith na mbóithre go luath ar maidin! Ach ar na mallaibh thuig mé fá deara go raibh mé ag titim chun feola. Tá an t-ádh liom! Thosaigh CLG Ghaeil Fhánada (Suíomh IdirlínNasc Facebook) ar traenáil arís an tseachtain seo caite, agus súil amháin againn ar an bhliain dheacair atá amach romhainn. Ar ndóigh, tá sé creathnach deacair ag coinneáil suas leis na lúthchleasaithe ar an fhoireann, agus fágadh mé i mbarr mo ghoib go rialta! Níl aon amhras áfach nó go bhfuil mé ar bhóthar an leasa.

Thosaigh mé ar ’Peig’ le Peig Sayers a léamh ar na mallaibh. Is aoibhinn liom an léargas atá le fáil sna leabhair seo, mar is tráchtanna sóisialta iad gan aon agó. Tá go leor briseadh croí le fáil sna scéalta chomh maith. Tá téamaí leanúnacha le feiceáil iontu i gcónaí, téamaí atá fite fuaite leis an chósta iarthair, na Gaeltachaí go háirithe, ar nós an bhochtaineacht, an eisimirce,agus a bheith ag maireachtáil ar an bheagán ar mhaithe leis na daoine is saibhre sa tsochaí, srl. B’fhéidir nach bhfuil an bhochtaineacht chomh forleathan anois (ach ar ndóigh, tá bochtaineacht sa tír, agus tá sí chomh tromchúiseach dóibh siúd atá caite den teach, nó atá ag tarraingt a bpáistí siar ón scoil, nó ón triú leibhéal, srl). Tá an eisimirce chomh forleathan  céanna inniu is a bhí san am sin afach. Tá deartháir liom atá san Astráil fá láthair. Cha raibh cónaí air sa bhaile le tamall maith de bhlianta anois. Tá ceantar na Fánaide bánaithe ag mic máithreacha atá ina gcónaí thar sáile ar mhaithe le tuarastal a ghineadh. Is brónach an scéal é.

Nóta beag níos dóchasaí anois! Táim ar lorg ‘Cnuasach Focal as Ros Goill’ le Leaslaoi U. Lúcás, ach táim ag déanamh go bhfuil sé as cló. Cá háit a bheadh cóip de ar fáil a léitheoirí??


2 comments:

  1. Deir an t-idirlíon liom go bhfuil sé ar fáil ar €10 ón RIA agus ó Litríocht

    ReplyDelete
  2. An-bhuíoch a Aonguis! Beidh sé sa chéad dornán leabhar eile a fhaighim ó Litríocht! GRMMA

    ReplyDelete