Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-06-28

Téann an t-am mar a bheadh práta i mbéal muice!

Tá mí curtha isteach agam i gCathair Chicago anois agus is aoibhinn liom an áit. Tá an aimsir go deas suaimhneach te, tá na daoine iontach cineálta (agus na mná doighiúil go maith!) agus is annamh an teach tábhairne nach gcuirfidh deoch éigin blasta romhat.


D'fhán mé le teaghlach thíos ar dheisceart na cathrach ar feadh coicíse, muintir Uí Phaidín i gceantar Beverely. Tá aithne mhaith agam ar Jack os rud go raibh sé ag staidéar i nGaillimh, agus is lena theaghlach flaithiúil a d'fhán muid. Chan fhaca mé a leithéid ariamh i mo shaol de fháilte! Tugadh achan rud a raibh de dhíobháil domh, idir bhéilte, leapa agus chuidiú ar bith eile a bhí siad ábalta cuir ar fáil domh! Cha dtig liom buíochas mór go leor a chur ar fáil dóibh.


Táim ag stopadh anois sa Chathair ó Thuaidh, i gcuideachta beirt fhear ó Leitir Ceanainn agus fear Fanáide eile, nach beag an tsaol! Tá achan fhear faoin díon ag obair, agus is maith an rud sin, mar is mó an scolaire Éireannach amuigh ar J1 don tsamhradh nach bhfuair obair ar bith. Tá brú millteanach ar thíthíocht sa Chathair, sochair an oiread sin scolairí amuigh fosta, agus mar sin de is mór an t-ádh atá linn go bhfuair muid teach san áit ina bhfuil muid!


Leanfaidh mé ar aghaidh tamall eile a chairde, níl fágtha agam ach dhá mhí, agus táim ag iarraidh achan phíosa den Chathair iontach seo a bhlaiseadh! Slán go fóill!


Seo chugaibh an chomhlacht lena  oibríonn mé, Seadog Chicago!

2 comments:

  1. Ar mhuin na muice atá tú, ní ina béal, bail ó dhia ort!

    Seadog Chicago!

    = Chicago Grapefruit ?
    ;-)

    ReplyDelete
  2. @ Éireannach amuigh ar J1 don tsamhradh nach bhfuair obair ar bith

    Chuala mé é sin inniu, agus is mór an trua go bhfuil sé sin ag tarlú, a Choilm. Mar sin féin, tá jab agatsa, agus is maith sin!

    Bain sult as d'am thall, a chara..:-)

    ReplyDelete