Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-11-28

Moilleadóireacht i Lár na hOíche

Tarlaíonn rud aisteach faoi dhó achan bhliain, thart ar mhí na Nollag agus ag deireadh mhí Aibreáin. Cad a tharlaíonn sna míonna áirithe seo, a léitheoirí? Ar chúis éigin nach bhfuil míniú nádúrtha ar bith air, éirím i bhfad níos gnóthaí ar na meáin shóisialta, agus ar an Playstation lofa sa choirnéal, nó caithim níos mó ama ag ag scimeáil ar an idirlíon, nó ag dul ar thurais mhalla san oíche chuig an siopa . . .

Is dócha go bhfuil ceangal in teacht idir thitim táirgiúlachta s'agam agus na scrúthuithe a thiteann ag deireadh na seimeastar áirithe acadúla. Is é an focal moilleadóireacht (procrastination sa Bhéarla) an focal is coitianta faoi láthair le cur síos a dhéanamh ar an fheiniméan seo, nuair a thiontaíonn mic léinn agus scólairí ar na rudaí amaideacha is taitneamhaí leo le hiarracht a dhéanamh a gcuid stáidéir a chur 'ar an mhéar fhada' le linn na n-amanna is tábhachtaí san fheilire acadúla. Sroichim an pointe seo anois agus arís, agus táim ag an phas moille anois gan amhras! Táim ag tabhairt faoi aiste a bhfuil an-shuimiúil ar fad dom, An Scríbhneoir agus an Chathair i Nualíotríocht na Gaeilge, ach táim ag rómhar liom mar a bheadh bradán in aghaidh an damba, ag tóiseacht agus ag déanamh réidh le pé rud atá scríofa agam mar nár thaitin sí liom agus ag tóiseacht arís. Éirim cancrach de bharr an easpa dhul chun cinn, agus suím ar mo thóin mhór fhalsa os comhair na teilifíse, ag amharc ar The Weakest Link Ceist GAA le Hector, agus an seafóid eile a bhíonns ar siúl i rith an lae. Is mar sin a bhíonns mé ar feadh cúpla uair an chloig, go dtí go héiríonn an guth beag atá ag rámhóireacht leis i m'intinn agus scairteann sé orm 'ÉIRIGH IS DÉAN RUD IN TEACHT!'

Anois ar ais liom chun na haiste seo . . .

4 comments:

  1. Is dócha gur leag tú do mhéar (fhada) air! Treise leat!

    ReplyDelete
  2. Coinnigh ag dul, a Choilm!

    An rud a thug mé féin faoi deara, agus mé i mbun céime roinnt blianta ó shin, ná go raibh neart píosaí páipéar caite sa bhruscar ar dtús, nuair a rinne mé mo chéad iarrachtaí ar aon aiste a scríobh, ach ní dheachaigh an píosa páipéir leis an tús ceart sa bhruscar riamh..:-)

    ReplyDelete
  3. Mo chuimhne, is maith liom an dearadh nua atá curtha agat ar do bhlag!

    ReplyDelete
  4. @táim ag rómhar liom mar a bheadh bradán in aghaidh an damba

    Gearr an léim agus caith do bheatha bradáin amach!
    Ní baol duit.
    Beidh leat.


    Fearn

    ReplyDelete