Chaith muid beagnach 2 uair an chloig ag déanamh ár mbealach amach go Mainistir na Coille Móire, ceann scríbe an turais, agus fhad agus a bhí an bus ar an bhóthar roinn Joe an-mhéid eolais linn faoin cheantar agus faoi mhuintir na háite. Bhí scéal millteanach bróin na ndaoine i rith thréimhse an Ghorta Mhóir a insint aige, agus ba thruacánta a scéil, go háirithe nuair a thaispeáint sé 'ballaí an Ghorta Mhóir' dúinn, ballaí cloch a thosaigh ag bun na gcnoc agus a dheachaigh suas mar bholb gránna rith an bhealaigh chuig bharr na gcnoc. Dúirt Joe linn gur tosaíodh an obair éadairbheach, dhrochmhisneach seo leis na tionóntaí a choinneáil faoi smacht agus iad a mhealladh le greim bia. Chaith mé mo smaointe siar ar mo mhuintir féin a fhulaingt i rith an tréimhse ghruama sin, agus tháinig crá ar mo chroí.
I ndiaidh dúinn tamall a chaitheamh ar an bhóthar, d'ól muid braon tae i mbaile An Líonáin, ansin ar aghaidh linn go dti gur shroich muid Mainistir na Coille Móire.
Is minic mé in áiteanna álainn, ach caithfidh mé a rá gur bhain an mhainistir, atá suite go hiontach idir cnoc agus loch,bhain sí gheit asam. Tá scéil na mainistreach ar fáil anseo, ach go simplí tógadh é mar ghotha grá, agus tá léaráidí scaipthe thart faoin eastáit a mhíníonn an scéal ina hiomláine. Tá cúpla grianghraf le fáil ar mo shuíomh Facebook d'éinne atá ag iarraidh áilleacht na háite a fheiceáil.
Bhí lá iontach liom agus mholfainn an turas céanna daoibh ar fad, a léitheoirí!
![]() |
Ó chlé - Megan, mé féin agus Madeline |
I've translated it into English, comment for demand
ReplyDelete