Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-04-10

Rabhadh na Céille

'Coimhéad tú fhéin' a dúir' sé liom
'Tá na scamaill ag tarraingt le chéile'.
Bhi mise ag gabháil na sléibhte,
Ag cuardach na gcaorach.

'Bi do fhiúst' arsa mise go cancrach.
'Beidh mé ar aist fán am sin'.
Is mise ag gabháil na sléibhte
Ag cuardach na gcaorach

. . . . . .

. . . . . .

Tháinig mé 'na bhaile báite,
Oiread is caora chan fhaca',
'Tá tae sa phota' arsa m'athair go suaimhneach.

4 comments:

  1. An tusa a chum, a Scoláire? Shíl mé ar dtús gur amhrán traidisiúnta a bhí ann!

    ReplyDelete
  2. Mise a chum cinnte Dennis, deárfainn go mbeadh deacrachtaí móra agat port a chur leis an rithim sin ha

    ReplyDelete