Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-04-22

The Wheel of Time - 'Rotha an Ama'


Thosaigh mé ag léamh an sraith leabhair 'The Wheel of Time' le Robert Jordan (marbh anois, tá an sraith a chríochnú ag Brandon Sanderson) nuair a bhí mé 10 mbliana d'aois, más buan mo chuimhne. Mo dheartháir a tharraingt m'airde ar an chéad leabhar sa tsraith, 'The Eye of the World', leabhar as a bhain mé an-phléisiúr. Léigh mé an tsraith (13 leabhar san iomlán, beidh an leabhar deireanach, 'A Memory of Light', beidh sé foilsithe ag tús na bliana seo chugainn) ag an aois sin agus thaitin siad go mór liom, ach is ar na mallaibh, agus mé ag dul siar ar na leabhair, atá tuiscint mhaith  ar théamaí na leabhar ag teacht chugam.

Is sraith fantaisíochta é, agus tá téamaí na fantaisíochta le feiceáil go soiléir ó thús deireadh na leabhar ; draíocht, cathanna móra, an iomrascáil shíoraí idir mhaith agus olc, agus araile. Is léir ón mhéid focail fosta go bhfuil plé déanta ar na sonraí is mine ar fad, macasamhail cur síos ar háiteanna, ar héadaí,ar dhaoine, déantar plé beacht ar achan ghné den saol sna leabhair. Seo rud atá bainte le stíl an údair, agus déantar gearán faoi go mion minic, ach cuireann an tréith seo go mór le saibhreas na leabhar, agus le cumas samhlaíochta an léitheora, i mo thuairim.

Tá líon mór daoine sna leabhair, ó na príomhcharactair mhóra go dtí na mioncharactair is bige, ach tá trí phríomhcharactar ann, atá mar chairde ag tús an scéil, s'iad sin Rand al'Thor, Matrim Cauthon agus Perrin Aybara. Leanann an scéal iad agus iad ag dul a dtreonna difriúla sa domhan mór, domhan gan ainm, ach tugann an lucht leanúnacha 'Randland' air. I dtéarmaí forbartha, chan fhaca mé a leithéid ariamh mar scéal, agus braitheann tú, mar léitheoir, go bhfuil tú páirteach leo sa turas mór a ghlacann siad agus iad ag fás aníos.

Tá mé ag fanacht go mífhoighneach ar an leabhar deireanach den sraith. Gan mórán a rá, tá deireadh mór i ndán do na carachtair agus táim in amhras fá an dtiocfaidh siad slán nó cad é atá le tarlú dóibh agus do na daoine eile thart orthu. Cha dtig scríobh fán sraith agus gan admháil go bhfuil cosúlachtaí móra aige leis an tsraith cailiúil le J.R.R Tolkien, ach leis an fhírinne a rá bainim níos mó sult astu nó mar a bhainim as 'The Lord of the Rings'. Molaim go mór d'éinne nach bhfuil leabhar idir lámh acu toiseacht ar an tsraith fantaisíochta iontach seo, agus dá dtosófá i mbliana bheifeá ré do chríoch an tsratha in Eanáir na bliana seo chugainn!

Dála an scéil, chím go bhfuil leathanach IMDB, an bunachar scannáin ar líne, chím go bhfuil leathanach ag an chéad leabhar sa tsraith, The Eye of the World, aige. Beidh sé iontach deacair an tsraith a chur ar an scáileán mór, ach tá sé soiléir go bhfuil sé so-dhéanta, rud atá soiléir ón rath atá ag an tsraith 'Crown of Thrones', ar na mallaibh. Guím gach rath orthu sa tionscadal sin!

4 comments:

  1. Cha dtig scríobh fán sraith agus gan admháil go bhfuil cosúlachtaí móra aige leis an tsraith cailiúil le J.R.R Tolkien, ach leis an fhírinne a rá bainim níos mó sult astu nó mar a bhainim as 'The Lord of the Rings'.

    An féidir leat an tsraith seo a chur i gcomparáid leis na leabhair le George R. R. Martin (A Game of Thrones, etc.)? Léigh mé Tolkien i bhfad ó shin agus mé i mo dhéagóir, ach níor thaitin Tríológ na bhFáinní chomh mór sin liom nuair a thosaigh mé ag athléamh an chéad leabhair deich mbliana ó shin.

    Maidir le roth an ama, shíl mé riamh gur crios iompair a bhí ann.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Haha iontach maith a chara!

    Dé réir cosúlachtaí tá siad cosúil le Game of Thrones ceart go leor, níl na leabhair léite agam ach tá an chuid is mó den sraith teilifíse feicthe agam (falsa, tá a fhios agam!)

    Agus mé ag ath-léamh le déanaí is í an pholaitíocht is mó a théann i bhfeidhm orm, char phioc mé suas ar na comparáidí leis an tsaol thart orainn agus mé i mo ghasúr óg

    ReplyDelete
  3. Chuir comhghleacaí liom ar sraith ar mo shúile dom roinnt blianta ó shin. Táim ag tnúth leis an scéil deiridh freisin, ach caithfidh mé a rá go mothaím go ndeachaigh sé i bhfad leis na scéalta, barraíocht fo-scéalta ann.

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat a chara, tá siad cineál fadálach in amanna, ach déanann na hardphointí an beart dóibh siúd a thagann fonn tuirseach orthu

    ReplyDelete