Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-09-28

Dá mBeinn in ann, Thógfainn Balla Thart ar Thír Chonaill!


Tá an éacht déanta ag fir Thír Chonaill agus Corn Mhic Uidhir ar ais 'na bhaile leo! Nach iontach an cluiche Dé Domhnaigh seo caite a léitheoirí? Bhí mé sa Chnoc taobh thiar den chúl agus nuair a phléasc eangach Mhaigh Eo sa chéad cúpla bomaite den chluiche, bhí a fhios ag dream na ngeansaithe buí go mbeidh an lá linn! 

Chaith mé oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh sa phríomhchathair, i gcuideachta mo dhearthair Seán, a tháinig óna chathair oibre san Astráil, Melbourne, leis an chluiche a fheiceáil agus ní mór domh a rá gur bhain muid sult millteanach as an deireadh seachtaine chéanna! Fiú agus goimh ar na hoícheanta bhí deacair spiorad na gConallach (agus, dár ndóigh, na Connachtaigh a d'fhán ann oíche Dhomhnaigh fosta) a mhilleadh. Chaith muid agus móran eile oíche mhór óil agus cheoil ag raimhleáil thart ar na títhe óil, macasamhail Quinns agus The Big Tree agus na títhe tabhairne eile thart fán Staid Mór. 

Ansin d'fhill mé ar an Luan agus chaith mé cúpla lá eile i nGaillimh ag déanamh mórtais fá cé chomh cróga agus chomh láidir agus chomh aclaí 's atá an fhoireann seo againne! Is mór an tsuailce domh go bhfuil Mac Uidhir ag teacht ar ais ó thuaidh, tá tuillte go maith ag Jim agus an fhoireann agus achan bhall eile a bhí bainte leo i mbliana, agus tá buíochas an chontae a ghabháil dóibh siúd. 

Mar nóta deiridh, seo chugaibh leagan Gaeilge den amhrán cailiúil faoin laoch as na Gleannta! B'ábhar bród domh an t-amhrán fosta, sochair gurb as mo Alma Mater, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, a d'thainig sé, agus déarfainn go raibh lámh láidir ag Prionsias Mac a' Bhaird san aistriúchán!

Is as na Gleannta dó 
Bhain sé go leor, ó
An oiread bonn aige
's bheadh ag fear as Meicseacó!
Bhuail muid Ciarraí, ó
Chloígh muid Doire ó
Bhuail muid achan duine
'thainig inár mbealach ó!
Ní ar an ghaineamh a thóg sé a theach
Tá plean aige ní rachaidh sé sa tseans

Ó Tá Jimí 'baint cluichí
Tá Jimí 'déanamh gnoithe
Tá Jimí ag tabhairt Sam
'rais go Dún na nGall aríst!

Seo chugaibh nasc an amhráin ar Youtube.

No comments:

Post a Comment