Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-09-12

Nóta beag uaim

Téarmaí gramadaí ar nós míreanna choibhneasta, aidiachtaí briathartha, dobhriathra ama, is a leithéidí, tá siad mo ghreannú ar maidin! Caithfear na rudaí seo a bheidh foghlamtha go mion agam roimh dheireadh na bliana, sa dóigh is go mbeinn ábalta tuisil agus cuspóirí agus na rudaí beaga bídeacha sa scríobh a aithint. Dár ndóigh, níl maitheas ar bith i dteangeolaí nach bhfuil a dteanga aige / aici ó bharr go bun.

Tá mise ag déanamh go bhfuil sé de nós ag teanga na Gaeilge an dallamullóg a chur orainn a chairde. Achan am a shíleann tú go bhfuil dul chun cinn déanta agat, agus go bhfuil tú ag dul chun tosaigh i gcúrsaí gramadaí, tiocfaidh rud in teacht aniar aduaidh ort a chuireann 'ar ais sa bhocsa' thú! Cogar, caithfidh mé imeacht agus saothar na mBráithre Críostaí a léamh, bí lá deas agaibh!


1 comment:

  1. A lucht féachana,
    Is mise Lend Mark, agus cuidím le húinéirí gnó na réitigh mhaoinithe cearta a aimsiú.
    Má tá tú:
    • ag lorg infheisteoirí (cothromas),
    • ag cuardach iasachta gnó,
    • nó ag smaoineamh ar do chuideachta a dhíol,
    is féidir liom tacú leat le réitigh shoiléire, pearsantaithe. Oibrím le líonra idirnáisiúnta iontaofa infheisteoirí agus iasachtóirí.
    Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh liom más mian leat labhairt faoi do chuid riachtanas.

    Tuilleadh eolais: Ríomhphost: lendmark365@gmail.com

    Fón: +16137024297

    Le meas,
    Lend Mark
    Bróicéir Maoinithe.

    ReplyDelete