Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-11-06

Leitir Ceanainn agus Cabaret na Craice!

Táim ar ais i nGaillimh agus ag tabhairt faoi mo chuid staidéir arís i ndiaidh an Satharn seo caite a chaitheamh i Leitir Ceanainn ag Oireachtas na Samhna, 2012. Faraor, ní bhfuair mé mórán deiseanna na himeachtaí a bhlaiseadh, taobh amuigh de bheagán sceitse 's agallaimh bheirte. Bhí giota oibre i bhfoirm agallaimh le déanamh agam, agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le buíochas mór a thabhairt do Mise Áine a bhí thar a bheith sásta casadh liom in Óstán Mount Errigal agus a tuairimíocht láidir, suimiúil a nochtadh ar bhlagáil na Gaeilge. Thug sí lón machnaimh dom le linn ár gcomhrá beag agus is iontach an cuidiú agus an chuideachta i gcoitinne í!

Thug mé féin agus cúpla cara liom aghaidh ar an Chabaret Chraiceáilte in Óstán Clanree oíche Shathairn seo caite. A leithéid d'fhuinneamh! Is duine mé atá cúpla ceolchoirm freastalta agam le blianta anuas agus caithfidh mé a rá, in ainneoin nach raibh aithne agam ar éinne de na bannaí éagsúla a bhí ar an stáitse, gur bhain mé sult millteanach as an cheol a bhí curtha i latháir ag fear an tí, Rónán Mac Aodha Bhuí. Bhí idir óg is aosta i latháir, ach bhí formhór an tslua ann ar chomhaois liom. Tá éachtaí móra  gnóthaithe ag an láithreoir Raidió na Gaeltachta ó chuir sé tús leis an Chabaret Craiceáilte, agus is iontach an rud dea-thorthaí a tsaothair a fheiceáíl ón méid daoine óga a tharraing ar an Chabaret Craiceáilte an deireadh seachtaine seo caite. Chaith mé an oíche ag rince liom lár an urláir agus ag dul in aithne leis na réabhairí mire timpeall orm (macasamhail mé féin, is dócha!).

Tharraing mé ar fhear an tí i rith na hoíche agus chuir aithne air, agus caithfidh mé a rá gur scoth na bhfear é, sásta seanchas a dhéanamh liom fiú agus é ag reáchtáil na hócáide. Tá súil agam nár chuir mé isteach go ró-mhór air!

Sin chugat mo chéad turas chuig an Oireachtas, agus chéana féin táim ag súil go mór le Cill Áirne i mbliana agus go mbeidh mé in ann na cairde atá déanta agam a fheiceáil arís!

1 comment:

  1. Ar scáth a chéile..;-)

    Bhí sé go deas bualadh leat, a Choilm. Feicfidh mé thú i gCill Airne an bhliain seo chugainn, a chara..:-)

    ReplyDelete