Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-09-08

Áras na Gaeilge - Gaeltacht i lár OÉG




Seo chugaibh Áras na Gaeilge, an Ghaeltacht bheag atá i gcroílár champas Ollscoil na Gaillimhe, agus an áit a bhéas mé ag caitheamh formhór mo chuid ama san Ollscoil i mbliana. Is aoibhinn liom an áit, na  mic léinn, na léachtóirí, fiú an tae atá ar dhíol istigh sa bhialann siar ag cúl an fhoirgnimh. Thosaigh mé ar aist ag tús na seachtaine agus cuireadh smaointe an tsamhraidh agus an aimsir phleisiúrtha sna Stáit Aontaithe ar leataobh go sciobtha! Is deas an rud a bheith ar ais sa chathair, mholfainn go mór le héinne nach raibh i nGaillimh ariamh le cuairt a thabhairt uirthi más féidir, is áit bheag, ghalánta í! Agus, dár ndóigh, b'fhéidir go mbeidh muid ábalta comhrá a dhéanamh, mar is iomaí áit sa chathair ar féidir pionta 's seanchas a dhéanamh go deireadh na hoíche in amanna!

1 comment:

  1. @ b'fhéidir go mbeidh muid ábalta comhrá a dhéanamh

    Cuirfidh mé ríomhphost chugat an chéad uair eile a bheidh mé i nGaillimh, a Choilm, agus b'fhéidir go mbeidh deis againn an comhrá sin a bheith againn..:-)

    ReplyDelete